Mar atá coitianta i go leor de thíortha na hAifrice, ní ghlactar ar chor ar bith le hómáighnéasacht anseo i Ruanda. Cé nach bhfuil sé in aghaidh an dlí faoi láthair – murab ionann agus Uganda (ina bhfuil dlí nua á phlé faoi láthair a leagann síos píonós an bháis i gcásanna áirithe do ‘choireanna’ mar seo) - táthar ag caint faoi sin a athrú go luath agus cloistear scéalta faoi chiapadh agus géarleanúint ar dhaoine aonair ó am go chéile. Agus níos luaithe i mbliana cuireadh dlí nua (Alt 191) i bhfeidhm a ghearrann téarma idir cúig is deich mbliana i bpríosún ar aon duine a spreagann duine den inscne céanna páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht collaí. Nuair a labhraíonn muintir Ruanda faoin ‘bhfadhb’ seo, deir siad gur rud é a bhaineann le heachtrannaigh amháin agus go bhfeictear é i dtíortha ar nós Uganda is Céineá i ngeall ar thionchar na Breataine thar na blianta.
Mar is eol daoibh (má léigh sibh mo chuid altanna eile!) tá Ruanda tar éis Béarla a chur in ionad na Fraincise mar dara theanga (agus fiú mar chéad theanga in áit na Ruandaise go minic) agus, go poiblí, is beag duine a easaontaíonn leis an gcinneadh. An t-aon eisceacht ná daoine a chloisim ag rá nach féidir leat glacadh le teanga eile gan glacadh le ar a laghad cuid dá chultúr agus nósanna. Mar adúirt ardmháistir meánscoile amháin ‘Má fhoghlaimíonn gach duine Béarla, ansin beidh mná ag caitheamh sciortaí gearra agus beifear ag rá linn nach bhfuil aon rud cearr le hómáighnéasacht!’
Go hoifigiúil, níl aon hómáighnéasaigh i Ruanda. Ceann ar bith. Is ‘galar’ é a bhfuil imdhíonacht ag Ruandaigh air. Toradh spéisiúil amháin atá ar an meon seo ná gur casadh roinnt fir orm anseo ar léir óna n-iompar gur hómáighnéasaigh iad ach, toisc gur Ruandaigh iad agus nach féidir a leithéid de rud a bheith ann agus Ruandach hómáighnéasach, ar bhealach bíonn saoirse i bhfad níos mó acu ina n-iompar poiblí ná mar a bheadh acu in aon cheann de na tíortha mórthimpeall orainn! Ach an fada a leanfaidh sé sin?
ON VOUDRA JOUER POUR ST. PATRICK’S ATHLETIC
Agus mé i mo chónaí i mbaile Butare an bhliain seo caite casadh fear darb ainm Malenge orm. B’as an Chongó é ó dhúchas ach é ina chónaí i Ruanda le píosa fada anois. Duine é a chuir Del Boy on sraith Only Fools and Horses i gcuimhne dom: ní raibh rud ar bith a bhí uait nach bhféadfadh sé a eagrú ar an bpraghas ceart – teach ar chíos, gineadóir leictreachais, déantúis seanda smuigleáilte ón Chongó, tacsaí, cóta in aghaidh fuacht an gheimhridh nó tú a chur in aithne do na daoine a d’fhéadfadh doicméidí is cáipéisí a sholáthar níos tapúla ná na bealaigh oifigiúla. Tar éis tamaill thosaíomar ag caitheamh níos mó ama le chéile, go háirithe chun deoch a ól agus breathnú ar pheil nuair a bheadh Chelsea ag imirt, foireann a bhfuilimid beirt i measc a lucht leanúna.
Dála formhór na hAifrice, is beag duine anseo (bhuel, na fir don chuid is mó ach cuid áirithe de na mná freisin) nach bhfuil spéis acu sa pheil agus i bPremiership Shasana don chuid is mó. Is iad Arsenal rogha na coitiantachta, le Man Utd, Chelsea agus Liverpool (san ord sin) ina ndiaidh. Casadh fear amháin orm a lean Hull City toisc go ndearna sé cúrsa staidéir ansin uair amháin ach seachas é siúd, ní chloistear faoi fhoireann ar bith eile. Agus, dála buachaillí óga i ngach tír ar domhain (mo thírín ghlas féin ina measc) tá aislingí ag go leor bheith mar Drogba nó Messi nó a leithéidí agus a saibhreas a dhéanamh.
Toisc gur thug mé mo léine Joe Cole liom, tuigeann gach duine go bhfuil spéis agam sna cúrsaí sin agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ar an rud is úsáidí a thug mé liom ó thaobh comhrá a thosú nó aithne a a chur ar dhaoine. Toisc nach bhfuil m’ainm ar eolas ag go leor (agus iad siúd a bhfuil sé ar eolas acu, níl sé ar an ainm is éasca ar domhain do dhaoine a labhraíonn teanga inar ionann ‘R’ agus ‘L’), tugann go leor daoine ‘Joe Cole’ orm agus, ar fáth éigin, ceapann roinnt mhaith acu go bhfuil aithne agam ar an bhfear uasal céanna.
Oíche amháin bhí mé i mo shuí le Malenge in ostán an Faucon i mButare ag caint le fear a bhí ag iarraidh gineadóir leictreachais a dhíol liom, rud a cheap mé a bhí uaim ag an am. Nuair a chríochnaíomar (mise ag rá go gcaithfinn labhairt le m’oifig i Kigali) dúirt Malenge ar mhiste liom dá gcuirfeadh sé roinnt dá chairde in aithne dom. Leis sin, tháinig ceathrar fear óg chuig an mbord, iad gléasta in éadaí peile agus, ón mboladh álainn a d’eascair uathu, a bhí díreach tar éis teacht ó sheisiún dian traenála. Tar éis muid féin a chur in aithne dá chéile go foirmeálta, d’iarr mé orthu céard a bhí ar siúl acu. Bhí ciúnas gearr ann agus ansin d’fhreagair duine acu (i bhFraincis): ‘Ba mhaith linn imirt do St. Patrick’s Athletic agus ba mhaith linn go gcabhrófá linn.’
Anois, ó tháinig mé anseo is mó rud aisteach atá cloiste agam agus bím ag súil i ngach comhrá le tuilleadh rudaí aisteacha ach is féidir liom a rá gan bréag a insint go raibh sé seo ar an rud deireannach lena raibh mé ag súil (bhuel, dá ndéarfadh sé Sligo Rovers, b’fhéidir go mbeadh sin níos aistí fós). ‘St. Patrick’s Athletic?’ adúirt mé, ‘an bhfuil sibh cinnte?’. Bhreathnaíodar ar a chéile.'Bhuel, iad siúd nó Shelbourne nó Bohemians’ d’fhreagair an t-úrlabhraí, ‘foireann éigin sa bpríomhchathair’. Bhí mé ar tí iarraidh orthu cén fáth nár roghnaigh siad Shamrock Rovers (mo fhoireann féin) ach chinn mé gan dul síos an bóthar áirithe sin.
Thóg sé tamall an scéal a thuiscint ina iomláine ach faoi dheireadh thuig mé a bhí ar siúl acu. Theastaigh uathu ar fad imirt do cheann de mhórfhoirinn an Premiership ach thuig siad (mar a d’admhaigh siad go humhal) nach bhféadfaidís bheith ag súil go siúlfaidís díreach isteach i bhfoireann Chelsea nó Arsenal. Ag léamh ar an idirlíon, thug siad faoi deara gur tháinig méid áirithe imreoirí as Éirinn agus, nuair a léigh siad a scéalta, thuig siad go raibh sé de nós ag na fóirne móra Sasanacha lorgairí a chiur thall go rialta ag lorg imreoirí. Mar sin, séard a bhí uathu uaimse ná seoltaí poist agus ríomhphoist do na clubanna in Éirinn, maraon le hainmneacha duine ar bith a mbeadh aithne pearsanta agam orthu a d’fhéadfadh cabhrú leo (chinntigh siad arís liom nach raibh aithne pearsanta agam ar Joe Cole). An plean a bhí acu ná go raibh DVD déanta acu díobh féin ag léiriú a scileanna agus go raibh sé seo le cóipeáil agus le seoladh chuig na clubanna in Éirinn. D’íocfaidís sin as víosa agus costaisí taistil gach duine acu agus ansin, nuair a thiocfadh lorgaire Chelsea nó Learpholl ag breathnú orthu ag imirt in aghaidh Fingal nó Dún Dealgan, bheadh leo (agus, ar ndóigh, ba é mo chara Malenge a bhí á eagrú seo dóibh ar phraghas éigin nárbh eol dom).
Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh? Ní deas an rud é aislingí daoine a mhilleadh ainneoin a áiféisí is atá siad. Bhuail mé leo an oíche dar gcionn agus liosta seoltaí agus eile agam dóibh ach, ag an am céanna, d’inis mé dóibh a laghad seans a bhí ann go gcloisfidís rud ar bith. Freisin chuir mé in iúl dóibh a laghad airgid agus a bhí ag formhór na gclubanna seo (d’fhreagair duine acu gur chuma sin, go mbeidís sásta cur suas le tuarastal ceithre nó cúig mhíle euro sa tseachtain go dtí an t-am go mbogfaidís chuig an Premiership!).
Agus b’shin an deireadh. An t-aon rud eile a rinne mé ná teachtaireacht a chur chuig na clubanna ar fad ag iarraidh orthu, dá bhfaighidís teachtaireacht is DVD gan choinne ó Ruanda, go scríobhfaidís ar ais chucu seachas iad a fhágáil ag fanacht go deo!!
Agus má tá cloiste ag aon duine ansin faoi imreoirí nua ó Ruanda atá anois ag imirt in Éirinn, tá mo sheoladh ag bun an leathanaigh agus ba bhreá liom cloisteáil faoi!
DEAMHAIN
Dé Luain cúpla seachtain ó shin d’iarr mé ar Alexis, an chargé d’education, cén chineál deireadh seachtaine a bhí aige. Ní duine é a mharaíonn é féin leis an obair de ghnáth agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt sé gur chaith sé an Domhnach ar fad ag cruinniú i mbunscoil sa cheantar. Ar an Domhnach? Sa tír seo? Nuair a d’fhiafraigh mé de cén fáth, dúirt sé go raibh fadhbanna acu sa scoil le deamhain a bhí ag cur isteach ar chuid de na daltaí. Le cúpla seachtain d’éirigh go leor de na daltaí tinn gan chúis agus d’aontaigh na tuismitheoirí, na múinteoirí agus an chléir gur deamhain ba chúis leis. Ag an cruinniú bhí na múinteoirí, an chléir áitiúil agus na tuismitheoirí is daltaí de ranganna a ceathair, a cúig agus a sé agus chaith siad ceithre uair an chloig ag plé céard a dhéanfaidís faoi. Mar adúirt Alexis liom, rud coitianta go leor é seo ach, toisc na scrúdaithe a bheith gar dúinn cheap siad gurbh fhearr rud éigin a dhéanamh faoi go tapaidh. Áthas orm nach fúmsa a bhí sé an fhadhb sin a réiteach!
roheithir@gmail.com