Thursday, May 13, 2010

Agashinguru cumu 9

Ba é an seachtú Aibreáin lá oifigiúil chomórtha an chinedhíothaithe anseo i Ruanda, sé bliana déag ón lá a thosaigh an marú a d’fhág timpeall ocht gcéad míle Ruandaigh marbh taobh istigh de chéad lá. Is rud é an cinedhíothú anseo atá mar chuid bhunúsach den saol laethúil: níl duine a chastar ort nár chaill duine éigin – nó nach raibh duine dá chlann páirteach ann ar bhealach éigin. Agus i mí Aibreáin gach bliain, tréimhse an chomórtha, stopann an gnáthshaol laethúil go hiomlán agus cuimhníonn daoine ar ar tharla agus – go teoiriciúil ar aon nós – tagann an pobal ar fad le chéile le omós a thabhairt agus a ndiongbháilteacht a athdhearbhú go poiblí nach ligfear dá leithéid tarlú arís.

An bhliain seo caite, theith mé chuig Uganda don tseachtain, ag ceapadh go mbeinn mar choimhthíoch, ag cur isteach ar ócáid iontach pearsanta is goilliúnach nach mbeadh aon tuiscint cheart agam air. Ach nuair a d’fhill me, dúirt go leor de mo chairde san oifig go raibh díomá orthu nach raibh mé ann in éineacht leo agus, mar sin, chinn mé fanacht i mbliana.

Lá liath scamallach a bhí ann nuair a d’fhágas an teach. Toisc nach bhfuil aon bhusanna nó a leithéid ar an lá seo, b’éigean dom glaoch ar an tiománaí gluaisrothar a úsáidim de ghnáth le me a thabhairt isteach sa bhaile mór chun bualadh leis an gcuid eile de na hoibrithe. Fear ghealgháireach é Alexis, lán le caint is greann, ach an lá seo níor labhair sé focal don leathuair an chloig a thóg sé orainn dul isteach chuig baile Butare. Bhí mo chomhleacaithe ag bailiú ansin cheana féin, gach duine acu ag caitheamh píosa éadach corcra timpeall a mhuiníl nó ceangailte timpeall caol na láimhe mar chomhartha dobróin, gach duine ciúin, smaointeach. Dhearc me ar dhuine nó beirt arbh eol dom a scéalta pearsanta – fear amháin ar chaith mé oíche leis ag ól, na deora ag titim isteach ina ghloine agus é ag cur síos dom mar ar maraíodh a athair is seisear deartháir is deirfiúr fad a bhí sé féin as baile i scoil chónaithe, cailín eile ar cailleadh a huncail mí ó shin – ba é siúd an t-aon duine eile seachas í féin as mórtheaghlach daichead a tháinig slán. Rinne mé iarracht a shamhlú dom féin cén cineál smaointe a bheadh ag rith trína hintinn ar lá mar seo, gan oiread is gaol amháin fágtha aici i dtír is pobal inarb í an chlann an t-aonad bhunúsach sa saol.

I mbliana, d’fhógair an rialtas go ndéanfaí na searmanais oifigiúla a eagrú taobh le locha is aibhneacha, i gcuimhne ar na mílte a maraíodh in áiteanna mar sin agus nár thángthas ar na coirp riamh. Is ar loch beag cúpla míle ó thuaidh de Bhutare, gar do shráidbhaile Save, a bhí ár dtriall an lá seo – áit fíorálainn ar fad, taiscumar a tógadh siar sna seachtóidí ag misinéir éigin chun uisce a sholáthar do na páirceanna rís maguird. Tá sé timpeallaithe ag cnoic a choinníonn amach fuaim is fothram an bhóthair, áit síochánta, suaimhneach, an cineál áite inar mhaith liom lá a chaitheamh le leabhar cois uisce, gan cur isteach ar bith ón domhain amuigh. Lá fíor-the a bhí ann ach bhí leoithne gaoithe ann a choinnigh fionnuar sinn, scamaill mhóra bhána ag eitilt sa spéir ghorm os ár gcinn.

Ansin mhínigh cara liom, Antoine, céard go díreach a tharla anseo. Tráthnóna amháin agus an ghrian beagnach ag dul faoi, tháinig an Interahamwe, iad siúd is mó ba chúis leis an marú agus thiomáin siad grúpa mór fir, mná is páistí – clanna iomlána don chuid is mó – síos chuig imeall an uisce. Ansin ceanglaíodh le chéile iad ina mbeirteanna agus caitheadh isteach san uisce iad. Uaireanta, ceanglaíodh na páistí le chéile agus caitheadh iad siúd isteach agus ansin ligeadh do thuismitheoir léim isteach agus iarracht a dhéanamh iad a shábháil. Dá n-éireodh leo na páistí a thabhairt i dtír slán, caitheadh na páistí isteach arís is arís eile go dtí gur bádh iad.

Uaireanta eile, rinneadh na páistí a cheangal le cheile i mbeartanna difriúla agus iad a chaitheamh isteach ag an am céanna in áiteanna éagsúla sa loch, ionas go mbeadh ar an tuismitheoir rogha a dhéanamh cé acu páistí a shábhálfaidís. Agus sa deireadh, ar ndóigh, níor ligeadh do dhuine ar bith teacht slán. Agus faoin am ar tháinig deireadh leis an marú i Ruanda, bhí sé ródhéanach na coirp a tharrtháil. Bhí cuid acu ar thángthas orthu ag imeall an locha ach tá cnámha a bhformhór fós sa láib in íochtar an locha.

Nuair a thosaigh an searmanas, tháinig ochtar cailín is mna óga amach gléasta in éadaigh foirmeálta traidisiúnta agus ciseán bláthanna is piotail á iompar ag gach duine acu. Dúradh liomsa teacht chun tosaigh leis na boic mhóra eile chun roinnt a scaipeadh ar dhromchla an locha in ómós dóibh siúd a maraíodh. Chuaigh mé suas chuig cailín óg amháin agus shín sí chugam an ciseán – bholaigh mé cumhracht mhilis na mbláthanna ag éirí chugam ach nuair a d’fhéach mé sna súile uirthi le buíochas a ghábháil, bhuel, d’fheicfeá mothúcháin níos mó in aghaidh dhealbh cloiche ná mar a chonaic mé ina haghaidh siúd, a dá súil ag stánadh tríom amhail is nach raibh mé ann.

Scaip mé na bláthanna agus na piotail ar an uisce, ag tuiscint i gceart don chéad uair gurb uaigh ollmhór a bhí ann i ndáiríre agus gurb iad na cailíní agus mná óga seo an t-aon duine dá gclanna a tháinig slán ón lá uafásach sin. Shiúil mé ar ais chuig mo shuíochán, boladh na mbláthanna fós le sonrú ar mo láimh, ag stopadh le mo lámha a chur timpeall ar mo chara Joseph, an ceannaire airm i mo cheantar, a bhí ag seasamh ansin in aice an locha ag iarraidh guaim a choinneáil air féin. Bhí mé cúramach gan rud mór a dhéanamh de nó aird a tharraingt air: sa chultúr Ruandach – fiú ar ócáid mar seo – bíonn drochmheas ar dhaoine a léiríonn a gcuid mothúcháin go poiblí.

Thosaigh na hóráidí ansin. An chéad duine a labhair ná fear óg a bhí ansin ar an oíche, i bhfolach sna sceacha ar thaobh an locha ag breathnú ar gach duine eile dá chlann á gceangal le chéile agus a gcaitheamh isteach san uisce. Agus é ag caint, chuala mé an chéad duine ag scréachaíl agus ag caoineadh i measc an tslua ollmhóir a bhí bailithe ansin agus cúpla nóiméad ina dhiaidh sin iompraíodh bean mheánaosta tharainn chuid an bothán téarnaimh a bhí tógtha in aice láimhe go speisialta don ócáid. Agus lean sé seo tríd an mhaidin is tráthnóna, duine i ndiaidh duine nach raibh abálta déileáil leis na cuimhní is mothúcháin taobh istigh díobh, cuid acu ag gol go ciúin, cuid eile ag troid, a lámha ag puinseáil an aeir, a gcosa ag ciceáil, olagón cráite ag teacht uathu.

Os mo chomhair bhí bean rialta ina suí, í ramhar, b’fhéidir dhá scór bliain d’aois, aibíd ghorm le ceannbhrat bán. Bhí a dá dorn dúnta chomh docht sin aici agus na hingne sáite ina lámha go raibh iontas orm nach bhfaca mé fuil ag sileadh uathu. Gach cúpla nóiméad léimfeadh a cloigeann in airde faoi mar go raibh sí ar tí léim suas agus scréachaíl ach, gach uair, d’éirigh léi smacht a choinneáil uirthi féin agus d’fhéadfainn a bhrath ón áit ina raibh mé i mo shuí an móriarracht tola a thóg sé uirthi sí gach uair. Ar an dá thaobh di, choinnigh beirt shiúir eile súil uirthi, réidh le cabhrú léi nó b’fhéidir le cinntiú nach ndéanfadh sí taispeántas di féin agus náire a tharraingt uirthi féin agus ar an ord ar fad.

Lean na hóráidí (is breá leis na Ruandaigh óráidí!), bean amháin ina measc atá ina hUachtarán ar an gcumann dóibh siúd a d’éalaigh ón eachtra seo, bean a labhair go stuama agus go ciúin faoin obair a rinne siad le bliain anuas agus an tábhacht a bhain leis agus í ag stánadh amach ar an loch ina bhfuil a fear céile is ochtar páiste fós ag a bhun. Agus ansin, tar éis óráid an Uachtaráin Kagame a tháinig chugainn ar an raidió, bhí deireadh leis.

Domsa, nuair a dhearcaim ar áit álainn agus ansin tagaim i dtuiscint ar an rud olc, diabhalta a tharla ann, méadaíonn sé go mór ar an uafás a bhraithim. Bhreathnaigh mé uair amháin deireannach thart timpeall orm, ar na cnoca arda léibheannacha ar a raibh sorgum is pónairí ag fás, crainnte abhacáid lena nduilleoga dubhghlasa mar oileáin bheaga dhorcha faoi sholas láidir na gréine, na cosáin dhearga ag síneadh suas uainn ar gach taobh, plódaithe anois le daoine in éadaí ildaite agus scáthanna gréine ag dreapadh abhaile. Agus na huiscí ciúine, ar a bhfeiceann tú mionthonnta á ndéanamh ag éisc, nach n-itear agus nach n-íosfar go deo. Agus déanann tú iarracht a shamhlú faoi mar a bhí sé ar an tráthnóna uafásach sin ... agus iarracht níos láidre fós gan é a shamhlú.

Ag suí dom os comhair mo ríomhaire an oíche sin, ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an lá do mo bhlag, thosaigh mé ag caoineadh don chéad uair leis na cianta. Chaoin mé mar gur thuig mé don chéad uair, ar bhealach beag éigin, an brón agus an fulaingt agus an crá croí a mhaireann taobh istigh de gach duine de mo chairde is mo chomharsana anseo i Ruanda. Agus chaoin mé mar nach dtuigim agus nach dtuigfidh me go deo na ndeor céard a tharla anseo sé bliana déag ó shin, faoi mar nach dtuigeann na Ruandaigh féin é. Agus chaoin mé mar ba chuimhin liom an fhéachaint fholamh, mharbh, gan anam i súile an chailín óig a shín chugam na bláthanna le caitheamh ar uaigh a clainne, a máthair is a hathair, a deartháireacha is a deirfiúracha, a bhfuil a gcnámha sa láib ag bun an locha le sé bliana déag agus a fhanfaidh ansin go deo.