Friday, June 4, 2010

Agashingura cumu 10

Cosúil linn féin roimh theacht an fhéilire Rómhánaigh nuair a bhí an bhliain roinnte ag na séasúir agus na féilte móra – Imbolc, Bealtaine, Lúnasa is Samhain – ní go dtí teacht na nEorpach a thosaigh muintir Ruanda ag baint úsáide as an bhféilire a bhfuil cleachtadh againne air. B’éigean dóibh a n-ainmneacha féin a chumadh le tabhairt ar na míonna nua seo agus is spéisiúil an léargas a thugann siad seo dúinn ar an ngnáthshaol sa tír seo.

Mutarama – Eanáir – mí na scíth
Tá an fómhair bainte, dóthain bia do gach éinne agus gan mórán oibre le déanamh. Tá am ag daoine cuairt a thabhairt ar a chéile, caint is comhrá a dhéanamh le clann is cairde is comharsana. Am le scíth a ligean agus bia is deoch a roinnt le daoine eile.


Gashyantare – Feabhra - mí an leoin dóite
Seo an t-am is teo den bhliain ar fad. Leis an coinbhéarsacht idir-theochriosach (gabhaim buíochas le focal.ie dó sin), tá gathanna na gréine níos láidre ná ag am ar bith eile. Clúdaíonn daoine iad féin nuair a théann siad amach le hata nó caipín nó – más bean tú - scáth gréine (is annamh a úsáídtear iad seo in aghaidh na báistí, mar sin is cirte i gcónaí scáth gréine a thabhairt orthu). Deirtear go mbíonn fiú amháín na leoin – na hainmhithe is mó atá in ann an ghrian a sheasamh – dóite ag an ngrian an mhí seo (gashya – dóigh, ntare – leon)


Werurwe – Márta – mí an bhróin

Tar éis na gréine tagann an bháisteach. Gach áit bíonn ceo ann; gach maidin bíonn na cnoic timpeallaithe le scamaill, na gleannta lán le ceobhrán. Clúdaíonn scamaill an spéír an chuid is mó den am agus is beag solas atá ann. Tagann dúbhrón ar dhaoine agus dúradh liom gur fearr le daoine gan bainis nó baisteadh a eagrú ag an am seo. Agus, ar ndóigh, sa lá ata inniu ann, is í Aibreán mí chomórtha na cinedhíothaithe agus seo mar cineál réamháisnéis ar an mbrón ata le teacht.


Mata – Aibreán – mí an bhainne
Toisc an bháisteach an mhí roimhe, tagann fás mór ar an bhféar agus bíonn na ba i bhfad níos raimhre; mar sin tugann siad i bhfad níos mó bainne ná mar is gnách. Tá tóir mór ar bhainne anseo, toisc a shláintiúla is atá sé, go háirithe do pháistí. An mhí seo, tá dóthain do gach éinne.

Gicurasi – Bealtaine – mí na sraoith
Athraíonn an aimsir go minic an mhí seo – lá amháín te, lá eile fuar, báisteach is grian. Toisc seo, bíonn slaghdáin is casacht is a leithéidí ar gach duine (agus geallaim duit go bhfuil sé fíor chomh fada agus a bhaineann leis an oifig ina n-oibrímse agus na ranganna scoile ar thug mé cuairt orthu!).


Kamena – Meitheamh – mí an titim
Fástar barraí difriúla i gceantracha difriúla den tír – cassabhach, arbhar, pónairí, bananaí, rís agus mar sin de. Rud amháin a fhástar gach áit ná sorgam, barr a bhreathnaíonn beagán cosúil le harbhar agus a úsáídtear le beoir is leite a dhéanamh agus foinse bia iontach tábhachtach. Cuirtear na síolta in Eanáir is Feabhra. I mí an Mheithimh, osclaíonn an bachlóg ag barr an phlanda agus, cé nach bhfuil sé réidh le baint fós, is féidir a fheiceáil cé chomh maith agus atá an grán forbartha agus cén chineál fómhair ar féidir a bheith ag súil leis. I Ruandais, cuirtear síos air seo mar ‘titim an ghráin’.

Nyakanga – Iúil – an mhí ar fuath léi seanbha
Faoi mí Iúil tá an aimsir ag éirí an-te arís. Diaidh ar ndiaidh, stopann an féar ag fás agus tagann sé dian ar na ba teacht ar aon rud le n-ithe. Is féidir leis na ba óga coinneáil orthu ag imeacht ach faigheann go leor de na seanba bás, nó maraítear agis itear iad. Tá nath ann i Ruandais: Nyakanga kanga amabuguma – maraíonn Meitheamh na seanbha. I mí an Mheithimh, má théann tú chuig bialann ag lorg feoil le n-ithe, bí cinnte go n-ordaíonn tú gabhar seachas mairteoil mura bhfuil fiacla den scoth agat.

Kanama – Lúnasa – an mhí nocht
Seo í an mhí te eile – spéartha glana gorma agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch ó thús na maidne. Trimíonn an talamh agus an cré agus, de réir mar a théann an mhí ar aghaidh, scuabann an ghaoth leis an cré i bhforim dusta agus nochtaítear ar na bóithre na clocha is carraigeacha a bhí ceilte go dtí seo ag cré is láib is puiteach (dúradh liom freisin go nglaoítear ‘an mhí nocht’ air toisc go gcaitheann daoine a laghad éadaí agus is féidir leo ach a) ní chreidim é agus b) is fearr liom an leagan eile).

Nzeri – Meán Fómhair – mí na talamhaíochta(?)
Seo an t-ainm is deacra a mhíniú de mhí ar bith. Ní raibh tuairim ag beagnach duine ar bith cad as a tháinig sé, murab ionann agus gach mí eile arbh eol do chách cad ba bhrí lena hainmneacha. Agus iad siúd a thug an t-eolas seo a leanas dom, seans gur sampla eile é den chlaonadh atá i Ruanda freagra éigin a thabhairt ar dhuine fiú nuair nach bhfuil tuairim dá laghad agat cad í an fhírinne – is fuath le daoine anseo a admháil nach bhfuil fhios acu rud éigin!

Tosaíonn an bháisteach arís agus is í seo an mhí is gnóthaí den bhliain. Tosaíonn gach duine ag ullmhú na bpáirceanna leis na barraí a chur agus, i dtír nach bhfuil dóthain spáis le dóthain bia a fhás do gach duine, déantar gach orlach is féidir a úsáid chun rud éigin a fhás – pónairí, arbhar, glasraí....

Tá baile darb ainm Gitarama timpeall is 75km ón sráidbhaile ina bhfuilimse i mo chónaí. Ar an imeall tá cnoc fíorghéar ach, ainneoin a dheacra is atá sé é a shaothrú, sa mhí seo tá fiú amháin an píosa talún míchairdiúil seo in úsáid. Nzeri an t-ainm atá ar an gcnoc seo agus úsáidtear an t-ainm sin mar fhocal ghinarálta ar chnoc ar bith atá mar sin (mar adéarfadh duine ‘Tá sé sin ina Charrán Tuathail ceart!’, má dúirt duine ar bith a leithéid ariamh!). Mar sin, tugtar nzeri ar an mhí seo, léiriú ar an mbrú atá ann bia a fhás go bhfuil fiú cnoc mar seo in úsáid. Cuireann sé i gcuimhne dom go láidir imlíne na seanghortanna a fheictear go dtí an lá atá inniu ann ar bharr na gcnoc in Éirinn, áit a d’fhástaí prátaí díreach roimh an Ghorta Mhóir.


Ukwakira – Deireadh Fómhair – mí theacht na síolta.
Tógann sé tamall fada an talamh a réiteach leis na síolta a chur – níl aon uirlisí talamhaíochta ann seachas na cinn is simplí ar fad agus tá an talamh chomh crua le cloch i ndiaidh an séasúir tirim. Freisin, cé go bhfuil an bháisteach tosaithe arís, caithfear a bheith lánchinnte nach tús bréagach é. Mar sin, ní chuirtear síol ar bith sa talamh go dtí mí Deireadh Fómhair. Ciallaíonn an briathar kwakira rud a ghlacadh, sa chás seo síolta (imbuto). Tá sé fíorthábhachtach an t-am ceart a phiocadh le tosú ar na síolta a chur. Róluath agus b’fhéidir nach bhfuil an bhaisteach tosaithe i gceart agus beidh fás lag ar na plandaí. Ródhéanach agus ní bheidh siad fásta go leor nuair a thiocfaidh an t-am nuair a chaithfear iad a bhaint. An bhliain seo caite chabhraigh mé le cara liom sa Roinn Sláinte a thráchtas ar an ráta míchothaithe i measc páistí idir 0-5 bliana d’aois i mo cheantarsa a aistriu go Béarla. Den aoisghrúpa sin, bhí 8% cnaíte, 44% le míchothú ainsealach agus 23% eile cuid mhaith faoin mheachán ba chóir a bheith acu dá n-aois. Déanann gach síol difríocht!


Ugushyingo – Samhain – mí an chaomhnaithe
Dála ‘Iúil an Chabáiste’ nó ‘Iúil an Ocrais’ againne nuair a bhítí ag fanacht leis na prátai nua agus ag maireachtáil ar cibé bia a bhí fós fágtha ón bhfómhair deireannach nó a d’fhéadfaidís a aimsiú, seo í an mhí is deacra ó thaobh bia de i Ruanda. Beidh sé roinnt mhaith seachtainí sula mbeidh barr ar bith réidh le baint agus caithfear gach blúire bia ata fós fágtha a chaomhnú agus a úsáid go cúramach. Bíonn na scoileanna dúnta an mhí seo agus is maith an rud e – fiú amháin i rith na bliana is mó páiste nach bhfuil in ann siúl ar scoil nó, má táid ann, nach bhfuil sé de neart acu díriú ar a gcuid oibre ceal bia.


Ukuboza – Nollaig – mí an lobha
Tagann an t-ainm seo ón mbriathar kubora, a bheith millte nó lofa. Seo í an mhí is tábhachtaí den bhliain. Baintear go leor leor de na barraí is tabhachtaí an mhí seo, ach caithfear fanacht go dtí an nóiméad deireannach le cinntiú go bhfuil siad chomh haibí agus chomh fásta agus is féidir; cuid acu, ní choinneoidh siad má bhaintear ró-luath iad. Ach, ag an am céanna, tá an mhí seo ar cheann de na cinn is fliche den bhliain agus ag pointe éigin tosóidh cuid de na barrai ag lobhadh sa talamh, pónairí, courgette agus prátaí go háirithe. Agus toisc go bhfuil an aimsir ag éirí níos teo freisin, tagann méádú mór ar uimhir na bhfeithidí a dhéánann ionsaí ar na barrai ar fad agus a mhilleann go leor acu. Mar sin, is cineál comórtas é idir fanacht go dtí go bhfuil an fómhair réidh le baint agus bheith cinnte nach gcailltear iomarca de, lofa ag an uisce nó millte ag na feithidí.

roheithir@gmail.com