Thursday, May 13, 2010

Agashinguru cumu 9

Ba é an seachtú Aibreáin lá oifigiúil chomórtha an chinedhíothaithe anseo i Ruanda, sé bliana déag ón lá a thosaigh an marú a d’fhág timpeall ocht gcéad míle Ruandaigh marbh taobh istigh de chéad lá. Is rud é an cinedhíothú anseo atá mar chuid bhunúsach den saol laethúil: níl duine a chastar ort nár chaill duine éigin – nó nach raibh duine dá chlann páirteach ann ar bhealach éigin. Agus i mí Aibreáin gach bliain, tréimhse an chomórtha, stopann an gnáthshaol laethúil go hiomlán agus cuimhníonn daoine ar ar tharla agus – go teoiriciúil ar aon nós – tagann an pobal ar fad le chéile le omós a thabhairt agus a ndiongbháilteacht a athdhearbhú go poiblí nach ligfear dá leithéid tarlú arís.

An bhliain seo caite, theith mé chuig Uganda don tseachtain, ag ceapadh go mbeinn mar choimhthíoch, ag cur isteach ar ócáid iontach pearsanta is goilliúnach nach mbeadh aon tuiscint cheart agam air. Ach nuair a d’fhill me, dúirt go leor de mo chairde san oifig go raibh díomá orthu nach raibh mé ann in éineacht leo agus, mar sin, chinn mé fanacht i mbliana.

Lá liath scamallach a bhí ann nuair a d’fhágas an teach. Toisc nach bhfuil aon bhusanna nó a leithéid ar an lá seo, b’éigean dom glaoch ar an tiománaí gluaisrothar a úsáidim de ghnáth le me a thabhairt isteach sa bhaile mór chun bualadh leis an gcuid eile de na hoibrithe. Fear ghealgháireach é Alexis, lán le caint is greann, ach an lá seo níor labhair sé focal don leathuair an chloig a thóg sé orainn dul isteach chuig baile Butare. Bhí mo chomhleacaithe ag bailiú ansin cheana féin, gach duine acu ag caitheamh píosa éadach corcra timpeall a mhuiníl nó ceangailte timpeall caol na láimhe mar chomhartha dobróin, gach duine ciúin, smaointeach. Dhearc me ar dhuine nó beirt arbh eol dom a scéalta pearsanta – fear amháin ar chaith mé oíche leis ag ól, na deora ag titim isteach ina ghloine agus é ag cur síos dom mar ar maraíodh a athair is seisear deartháir is deirfiúr fad a bhí sé féin as baile i scoil chónaithe, cailín eile ar cailleadh a huncail mí ó shin – ba é siúd an t-aon duine eile seachas í féin as mórtheaghlach daichead a tháinig slán. Rinne mé iarracht a shamhlú dom féin cén cineál smaointe a bheadh ag rith trína hintinn ar lá mar seo, gan oiread is gaol amháin fágtha aici i dtír is pobal inarb í an chlann an t-aonad bhunúsach sa saol.

I mbliana, d’fhógair an rialtas go ndéanfaí na searmanais oifigiúla a eagrú taobh le locha is aibhneacha, i gcuimhne ar na mílte a maraíodh in áiteanna mar sin agus nár thángthas ar na coirp riamh. Is ar loch beag cúpla míle ó thuaidh de Bhutare, gar do shráidbhaile Save, a bhí ár dtriall an lá seo – áit fíorálainn ar fad, taiscumar a tógadh siar sna seachtóidí ag misinéir éigin chun uisce a sholáthar do na páirceanna rís maguird. Tá sé timpeallaithe ag cnoic a choinníonn amach fuaim is fothram an bhóthair, áit síochánta, suaimhneach, an cineál áite inar mhaith liom lá a chaitheamh le leabhar cois uisce, gan cur isteach ar bith ón domhain amuigh. Lá fíor-the a bhí ann ach bhí leoithne gaoithe ann a choinnigh fionnuar sinn, scamaill mhóra bhána ag eitilt sa spéir ghorm os ár gcinn.

Ansin mhínigh cara liom, Antoine, céard go díreach a tharla anseo. Tráthnóna amháin agus an ghrian beagnach ag dul faoi, tháinig an Interahamwe, iad siúd is mó ba chúis leis an marú agus thiomáin siad grúpa mór fir, mná is páistí – clanna iomlána don chuid is mó – síos chuig imeall an uisce. Ansin ceanglaíodh le chéile iad ina mbeirteanna agus caitheadh isteach san uisce iad. Uaireanta, ceanglaíodh na páistí le chéile agus caitheadh iad siúd isteach agus ansin ligeadh do thuismitheoir léim isteach agus iarracht a dhéanamh iad a shábháil. Dá n-éireodh leo na páistí a thabhairt i dtír slán, caitheadh na páistí isteach arís is arís eile go dtí gur bádh iad.

Uaireanta eile, rinneadh na páistí a cheangal le cheile i mbeartanna difriúla agus iad a chaitheamh isteach ag an am céanna in áiteanna éagsúla sa loch, ionas go mbeadh ar an tuismitheoir rogha a dhéanamh cé acu páistí a shábhálfaidís. Agus sa deireadh, ar ndóigh, níor ligeadh do dhuine ar bith teacht slán. Agus faoin am ar tháinig deireadh leis an marú i Ruanda, bhí sé ródhéanach na coirp a tharrtháil. Bhí cuid acu ar thángthas orthu ag imeall an locha ach tá cnámha a bhformhór fós sa láib in íochtar an locha.

Nuair a thosaigh an searmanas, tháinig ochtar cailín is mna óga amach gléasta in éadaigh foirmeálta traidisiúnta agus ciseán bláthanna is piotail á iompar ag gach duine acu. Dúradh liomsa teacht chun tosaigh leis na boic mhóra eile chun roinnt a scaipeadh ar dhromchla an locha in ómós dóibh siúd a maraíodh. Chuaigh mé suas chuig cailín óg amháin agus shín sí chugam an ciseán – bholaigh mé cumhracht mhilis na mbláthanna ag éirí chugam ach nuair a d’fhéach mé sna súile uirthi le buíochas a ghábháil, bhuel, d’fheicfeá mothúcháin níos mó in aghaidh dhealbh cloiche ná mar a chonaic mé ina haghaidh siúd, a dá súil ag stánadh tríom amhail is nach raibh mé ann.

Scaip mé na bláthanna agus na piotail ar an uisce, ag tuiscint i gceart don chéad uair gurb uaigh ollmhór a bhí ann i ndáiríre agus gurb iad na cailíní agus mná óga seo an t-aon duine dá gclanna a tháinig slán ón lá uafásach sin. Shiúil mé ar ais chuig mo shuíochán, boladh na mbláthanna fós le sonrú ar mo láimh, ag stopadh le mo lámha a chur timpeall ar mo chara Joseph, an ceannaire airm i mo cheantar, a bhí ag seasamh ansin in aice an locha ag iarraidh guaim a choinneáil air féin. Bhí mé cúramach gan rud mór a dhéanamh de nó aird a tharraingt air: sa chultúr Ruandach – fiú ar ócáid mar seo – bíonn drochmheas ar dhaoine a léiríonn a gcuid mothúcháin go poiblí.

Thosaigh na hóráidí ansin. An chéad duine a labhair ná fear óg a bhí ansin ar an oíche, i bhfolach sna sceacha ar thaobh an locha ag breathnú ar gach duine eile dá chlann á gceangal le chéile agus a gcaitheamh isteach san uisce. Agus é ag caint, chuala mé an chéad duine ag scréachaíl agus ag caoineadh i measc an tslua ollmhóir a bhí bailithe ansin agus cúpla nóiméad ina dhiaidh sin iompraíodh bean mheánaosta tharainn chuid an bothán téarnaimh a bhí tógtha in aice láimhe go speisialta don ócáid. Agus lean sé seo tríd an mhaidin is tráthnóna, duine i ndiaidh duine nach raibh abálta déileáil leis na cuimhní is mothúcháin taobh istigh díobh, cuid acu ag gol go ciúin, cuid eile ag troid, a lámha ag puinseáil an aeir, a gcosa ag ciceáil, olagón cráite ag teacht uathu.

Os mo chomhair bhí bean rialta ina suí, í ramhar, b’fhéidir dhá scór bliain d’aois, aibíd ghorm le ceannbhrat bán. Bhí a dá dorn dúnta chomh docht sin aici agus na hingne sáite ina lámha go raibh iontas orm nach bhfaca mé fuil ag sileadh uathu. Gach cúpla nóiméad léimfeadh a cloigeann in airde faoi mar go raibh sí ar tí léim suas agus scréachaíl ach, gach uair, d’éirigh léi smacht a choinneáil uirthi féin agus d’fhéadfainn a bhrath ón áit ina raibh mé i mo shuí an móriarracht tola a thóg sé uirthi sí gach uair. Ar an dá thaobh di, choinnigh beirt shiúir eile súil uirthi, réidh le cabhrú léi nó b’fhéidir le cinntiú nach ndéanfadh sí taispeántas di féin agus náire a tharraingt uirthi féin agus ar an ord ar fad.

Lean na hóráidí (is breá leis na Ruandaigh óráidí!), bean amháin ina measc atá ina hUachtarán ar an gcumann dóibh siúd a d’éalaigh ón eachtra seo, bean a labhair go stuama agus go ciúin faoin obair a rinne siad le bliain anuas agus an tábhacht a bhain leis agus í ag stánadh amach ar an loch ina bhfuil a fear céile is ochtar páiste fós ag a bhun. Agus ansin, tar éis óráid an Uachtaráin Kagame a tháinig chugainn ar an raidió, bhí deireadh leis.

Domsa, nuair a dhearcaim ar áit álainn agus ansin tagaim i dtuiscint ar an rud olc, diabhalta a tharla ann, méadaíonn sé go mór ar an uafás a bhraithim. Bhreathnaigh mé uair amháin deireannach thart timpeall orm, ar na cnoca arda léibheannacha ar a raibh sorgum is pónairí ag fás, crainnte abhacáid lena nduilleoga dubhghlasa mar oileáin bheaga dhorcha faoi sholas láidir na gréine, na cosáin dhearga ag síneadh suas uainn ar gach taobh, plódaithe anois le daoine in éadaí ildaite agus scáthanna gréine ag dreapadh abhaile. Agus na huiscí ciúine, ar a bhfeiceann tú mionthonnta á ndéanamh ag éisc, nach n-itear agus nach n-íosfar go deo. Agus déanann tú iarracht a shamhlú faoi mar a bhí sé ar an tráthnóna uafásach sin ... agus iarracht níos láidre fós gan é a shamhlú.

Ag suí dom os comhair mo ríomhaire an oíche sin, ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an lá do mo bhlag, thosaigh mé ag caoineadh don chéad uair leis na cianta. Chaoin mé mar gur thuig mé don chéad uair, ar bhealach beag éigin, an brón agus an fulaingt agus an crá croí a mhaireann taobh istigh de gach duine de mo chairde is mo chomharsana anseo i Ruanda. Agus chaoin mé mar nach dtuigim agus nach dtuigfidh me go deo na ndeor céard a tharla anseo sé bliana déag ó shin, faoi mar nach dtuigeann na Ruandaigh féin é. Agus chaoin mé mar ba chuimhin liom an fhéachaint fholamh, mharbh, gan anam i súile an chailín óig a shín chugam na bláthanna le caitheamh ar uaigh a clainne, a máthair is a hathair, a deartháireacha is a deirfiúracha, a bhfuil a gcnámha sa láib ag bun an locha le sé bliana déag agus a fhanfaidh ansin go deo.

Thursday, April 1, 2010

Agashingura cumu 8

PÓNAIRÍ DO NA MÚINTEOIRÍ
Ceann de na rudaí is mó a dhéanaim anseo i Ruanda na cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna agus meánscoileanna mar chigire don Chomhairle Áitiúil, chun moltaí agus tacaíocht a thabhairt dóíbh. Tá cuid de na scoileanna in áiteanna fíoriarghúlta agus tógann sé suas le dhá uair an chloig ar chúl ghluaisrothair lena n-aimsiú agus níos mó fós sa séasúr fliuch.

An tseachtain seo caite thugas cuairt ar ghrúpa thrí scoil i gceantar darb ainm Muganza. An chéad cheann acu, Meánscoil Rwamiko, thugas cuairt air cheana i mí Eanáir. Bhuail stoirm gaoithe an scoil agus bhain sé an díon den bhloc nua seomraí ranga a bhí tógtha acu. An uair seo tharla go raibh mé ag dul thar an scoil ar an mbealach chuig scoil eile agus thugas faoi deara nach raibh rud ar bith déanta lena dheasú.

Bhuail mé isteach ag lorg an phríomhoide ach ní raibh sé ann an lá sin (rud coitianta é seo – bíonn an-chuid cruinnithe is mar sin ag príomhoidí anseo ach chomh minic céanna ní bhacann siad teacht ar scoil). Ach mhínigh na múinteoirí a bhí ann an scéal. Toisc gur leis an Eaglais Chaitliceach an scoil féin agus freagarthacht orthu ó thaobh foirgnimh is a leithéid, deir an Comhairle Áitiúil go gcaithfidh siadsan íoc as an díon nua a chur suas. Ar ndóigh ní aontaíonn an Eaglais leis seo agus, go dtí go dtiocfaidh siad ar réiteach fanfaidh an scéal mar atá. Mar bharr ar an donas, tá sé sheomra ranga nua eile a bhí á dtógáil fós gan críochnú ach tá na daltaí nua tar éis tosú teacht ar scoil ar aon nós.

“Agus conas ar éirigh libh sin a dhéanamh?” a d’iarr mé. Thóg siad isteach i seomra ranga amháin mé, rang Matamaitice don Chéad Bhliain. Chomhairigh mé iad – 120 acu in aon seomra amháin agus múinteoir amháin ag múineadh tacair dóibh! I ngach seomra ranga sa scoil bhí idir 70 is 90 daltaí, iad ar fad ciúin, dírithe ar a gcuid oibre agus gan gearán ar bith astu ach iad buíoch a bheith ann sa chéad áit.

Sa dara scoil, bunscoil Kibangu, chaith mé uair an chloig nó mar sin ag caint leis an bpríomhoide ina oifig. Sa chúinne bhí carn mór pónairí tirim agus babhla beag in aice leis. D’fhiafraigh mé de an as gairdín na scoile a thángadar (tá jardin scolaire ag gach scoil ina bhfásann na daltaí plandaí is barraí éagsúla a dhíoltar ar son buiséad na scoile ach freisin a thugann seans dóibh foghlaim conas an obair seo a dhéanamh). Ní hea, adúirt sé liom, íoctar na múinteoirí anseo leo.

Is mó rud atá cloiste agam ó tháinig mé anseo a chuir iontas orm … ach ag íoc múinteoirí le pónairí? Mhínigh sé an scéal dom. Tá naíonra ag go leor scoileanna ach caithfidh na tuismitheoirí íoc as – RWF300 sa mhí atá air anseo (timpeall €0.40). Ach is leasc le go leor acu an t-airgead a íoc; mar sin ligtear dóibh an táille a íoc le pónairí más fearr leo – is fiú RWF300 babhla amháin pónairí agus toisc go dtiteann séasúr na bpónairí ag tús na scoilbhliana, is bealach é le tuilleadh páistí a mhealladh isteach sa chóras. Mar sin, íoctar tuarastal mhúinteoirí na naíonraí le meascán airgid is pónairí, ag brath ar an gcéatadán tuismitheoirí a d’íoc ar an dá bhealach!

Agus sin ráite, dúnann formhór na naíonraí faoin dara téarma. I mí Aibreán tá na ponairí imithe nó gann agus caithfear airgead tirim a íoc agus socraíonn formhór na tuismitheoirí nach fiú sin a dhéanamh.

Tír gan litríocht, tír gan anam?
Ecrivains et poètes
De ma terre natale
Penseurs narrateurs
Des milles collines…

Pourquoi dormez-vous?
Pourquoi dormez-vous si longtemps?

Tá dhá bhealach le breathnú ar na difríochtaí idir do thír nua agus do thír dúchais: tá na rudaí nua ar fad atá anseo nach bhfuil ann sa bhaile – bia difriúil, tírdhreach, na mílte gabhair, teangacha nua – agus na rudaí nach bhfuil agat a thuilleadh – uisce reatha, leictreachas, gluaisteán, teilifís, pictiúrlanna agus mar sin de.

Ach sin iad na rudaí suntasacha agus na rudaí a mbeifeá ag súil leo ag teacht chuig ceann de na tíortha is boichte ar domhain. Ach tá easpaí eile anseo nach mbeifeá ag súil leo ar chor ar bith – mar shampla, is í Ruanda b’fhéidir an t-aon tír san Afraic nach bhfuil aon traidisiún ceoil aici – seachas roinnt ceoil drumaí, is ón Chongó is na tíortha eile maguird a thagann aon cheol Afraiceach a chloistear.

Où sont les penseurs
Les penseurs rwandais
Montrez-moi la plume
Taillée à la rwandaise….


Easpa eile ná nach bhfuil traidisiún ar bith den scríbhneoireacht chruthaitheach le beagnach céad bliain anuas. Bhíodh traidisiún láidir filíochta sa tír roimh theacht na nGearmánach agus na mBeilgeach ach níl mórán de fágtha anois. Níl úrscéalta ná gearrscéalta á scríobh anseo agus sna scoileanna ní mhúintear scríbhneoireacht chruthaitheach i rang ar bith, bíodh sé i mBéarla, Fraincis nó Kinyarwanda. Tháinig mé ar leabhrán beag amháin 24 leathanach a foilsíodh i Lausanne na hEilbhéise i 1983 ag file Ruandach darb ainm Aloys Gapira as a dtagann na sliochtanna seo (ón dán ‘Réveil’) agus sin sin.

Oui j’essaie de me révolter
Contre la jeune génération
Qui est allée, qui va, qui ira à l’école
Qui va à l’école
Qui sait lire et écrire
Qui a des “papiers spéciaux”
Qui est capable d’écrire
Mais qui ne produit pas quelque chose.


Rinne oibrí deonach de chuid VSO, Ben Pollitt, iarracht é seo a athrú ag leibhéal na scoileanna nuair a chuir sé an Kivu Writers Workshop ar bun roinnt blianta ó shin. Comórtas náisiúnta a bhí ann do dhaltaí mheánscoile inar chuir siad isteach a gcuid dánta is scéalta agus cuireadh an fiche dalta ab fhearr ag sraith ceardlanna chun a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt. Níor mhair an tionscnamh seo ach cúpla bliain ceal airgid ach, níos tábhachtaí ná sin, is beag duine a raibh fíorspéis acu ann nó a chreid gur rud fiúntach inti féin é scríbhneoireacht chruthaitheach. Agus astu siúd ar fad a d’fhreastal ar na ceardlanna, níor tháinig mé ar dhuine acu atá fós ag plé le scríbhneoireacht chruthaitheach de chineál ar bith.

Cibé rud atá ar siúl – agus táimid ag caint faoi métier na hiriseoireachta amháin i ndáiríre – is i mBéarla (agus uaireanta i bhFraincis) atá sé. Ó thaobh teanga dúchais na tíre – Kinyarwanda – ní amháin nach bhfuil rud ar bith ar siúl ach ní fheictear gá ar bith lena leithéid. Tá sé ró-luath a bheith ag rá go bhfuil baol ar bith ann go dtiocfaidh an Béarla in áit Kinyarwanda mar a tharla sa tírín bheag ghlas againn féin ach leis an deifir atá ar Ruanda teanga agus cultúr Shasana a ghlacadh, cá bhfios mar a thitfidh rudaí amach sna blianta atá romhainn?

Mes frères mes soeurs
Prenez la plume
Et sauvons notre langue
Le français est si fort
L’anglais si puissant.


‘Siad na hiarchairde na naimhde is measa
Luaigh mé cheana gur bliain toghacháin é seo i Ruanda ag gach leibhéal seachas an Parlaimint féin. Agus le cúpla seachtain nó mí anuas tá ardú mór tagtha ar an teannas polaitiúil anseo. Thosaigh sé le hionsaithe granáid aimsir na Nollag i gcathair Bhutare atá gar dom agus ansin leath sé chuig an bpríomhchathair Kigali. Agus mé á scríobh seo bhí dhá phléasc aréir, ceann acu gar don teach ina bhfuilim ag fanacht (cé nár chualas féin é), trí cinn an lá roimhe sin agus n’fheadar cé mhéad go díreach roimhe sin. Go hiondúil, caitear na granáid le scuainí daoine atá ag fanacht ar bhusanna ag deireadh an lae le filleadh abhaile, rud a chiallaíonn go bhfuilimse ag taisteal ar chúl gluaisrothair agus mé anseo don deireadh seachtaine.

Ar dtús cuireadh an milleán ar dhaoine gan chiall nó iarsamí den Interahawme, iad siúd ba chúis leis an gcinedhíothu i 1994. Ach an tseachtain seo caite d’eisigh an Rialtas ráiteas a chuir cor nua agus i bhfad níos tríoblóidí sa scéal. Dúradh gurb iad dhá iaroifigeach airm a bhíodh tráth ina gcomrádaithe dhílse de Paul Kagame, an tUachtarán, ach a bhfuil cónaí orthu anois taobh amuigh den tír de dheasca ‘difríochtaí’ a d’éirigh idir iad agus Kagame, gurb iadsan a bhí taobh thiar de na hionsaithe. Mar sin, in ionad an locht a bheith á chur orthu siúd atá le fada ag cur i gcoinne rialtas na tíre seo, tá fianaise ag teacht amach anois go bhfuil teannas láidir idir grúpaí éagsúla ag an leibhéal is airde sa tír seo agus go leor oifigigh airm ina measc.

Ní bhíonn saoi gan locht agus cé go bhfuil an-mheas agam ar Kagame i gcoitinne don méid atá déanta aige ó 1994, tá go leor leor rudaí eile a fhágann drochbhlas i mbéil go leor daoine, anseo agus thar lear. Ach rud amháin nach féidir a lochtú ná a fhíochmhaire is a chuireann sé i gcoinne caimiléireachta is breabaireachta ag gach leibhéal agus na scórtha airí, ginearáil, méaraí agus eile briste as a bpostanna nó curtha i bpríosún dá bharr. Ach is cosúil go bhfuil a lán lán míshásta leis seo, go háirithe nuair a fheiceann siad na deiseanna a bhíonn ag daoine mar iad i dtíortha eile na hAfraice, a gcomharsana Uganda agus An Chéinia ach go háirithe. Ainneoin an oiread sin a bheith á rá ag Kagame le blianta faoi uisce faoi thalamh a bheith ar siúl ina aghaidh ag an Fhrainc, an Bheilg, iarsamí an Interahamwe agus eile, seans gur óna ‘chomrádaithe’ is a ‘chomhghuallaithe’ sa bhaile atá an dainséar is mó.


roheithir@gmail.com

Tuesday, February 23, 2010

Agashingura cumu 7

SEIF I RUANDA
Sna hochtóidí bhí an ráta SEIF i Ruanda chomh hard le 30% i gceantracha áirithe mar a bhí coitianta i bhformhór thíortha Oirthear is deisceart na hAifrice. Inniu, tá an ráta náisiúnta síos chuig timpeall 3% (2.2% faoin dtuath, 7.2% sna bailte) agus chuig 1% ina measc siúd idir 15 is 24 bliana d’aois. Ar an iomlán, is é an sampla is rathúla é san Aifric den troid in aghaidh SEIF. Toradh aisteach amháin ata air seo ná an oiread sin eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag feidhmiú anseo sa bhfeachtas in aghaidh SEIF – breis is 150 de réir comhairleoir amháin ar labhair mé léi. Ach ní i ngeall ar an oiread sin eagraíochtaí a bheith páirteach a tháinig an titim tubaisteach seo – is é Rialtas agus muintir Ruanda féin a rinne an chuid is mó den obair. D’fhéadfá a rá - gan a bheith ach beagáinín ciniciúil - gurb in ainneoin na n-eagraíochtaí seo a tharla sé. Is ar éigean a bhfuil comhordú ar bith eatarthu agus go leor acu in adharca a chéile ag iarraidh an chreidiúint a bhaint dá chéile don méid atá déánta. Ach, toisc gurb é Ruanda an tseoid idirnáisiúnta sa troid in aghaidh SEIF, tá gach eagraíocht ag iarraidh go bhfeicfí iad mar chuid den iarracht seo chun tacaíocht agus, ar ndóigh, teacht isteach airgidis a mhéadú.

Mar airgead mór atá i gceist. An bhliain seo caite, caitheadh níos mó airgid i Ruanda ar scéimeanna is feachtais éagsúla in aghaidh SEIF ná a caitheadh ar an mbuiséád sláinte do gach rud eile sa tír. San Aifric i gcoitinne, caitheadh $13.2bn ar an dóigh seo cé nach é SEIF ach aicídí eile ar nós buinneach na bpáistí, maláire agus eitinn is mó a mharaíonn daoine, páiste go háirithe. Ach ní le leas na n-eagraíochtaí seo a bheadh sé go ndíreofaí aird daoine sa domhain forbartha orthu seo.

Gné suntasach eile anseo i Ruanda ná seasamh na n-eaglaisí éagsúla i leith úsáid coiscíní, rud a chruthaigh deacrachtaí i go leor tíortha eile sa chuid seo den Aifric. B’fhéidir i ngeall ar chultúr an údaráis a bheith chomh láidir anseo i Ruanda, d’aontaigh ceannairí na n-eaglaisí Críostaí ar fad go poiblí gan cur in aghaidh feachtas an rialtais úsáid coiscíní a mholadh i measc an phobail i gcoitinne agus i measc daoine óga go háirithe. Ar ndóigh, tá cead acu labhairt lena lucht leanúna féin mar is maith leo ó thaobh béim a leagan ar staonadh ó chaidreamh gnéis go dtí go bhfuil tú pósta agus mar sin de. Mar adúirt an Dochtúir Anita Asiimwe, cathaoirleach CNLS (An Coimisiún Náisiúnta chun SEIF a smachtú) “is féidir le Dia a bhreith féin a thabhairt ar dhaoine i geall ar a n-iompar ach ba chóir go dtabharfaí an bhreith sin ar dhaoine atá saor ó SEIF.”


AR AIS AR SCOIL
Ag mé á scríobh seo ag tús mí Feabhra, tá an scoilbhliain nua buailte linn. Bhí sí le tosú ar an 11ú Eanáir ach cuireadh siar trí sheachtain í chun seans a thabhairt do mhúinteoirí uilig na tíre freastal ar ranganna i mBéarla (os rud é gur athraíodh an teanga múinteoireachta go tobann ó Fhraincis go Béarla bliain ó shin). Chomh maith leis sin, d’fhógair an Rialtas go mbeidh sé de cheart ag gach páiste as seo amach freastal ar naoi mbliana scoile saor in aisce, seachas sé bliana mar a bhíodh.

Mar sin, ceann de na rudaí is mó atá ar siúl ag gach roinn oideachais sna ceantracha áitiúla ná tógáil seomraí ranga - na céadta is na céadta acu i ngach cuid den tír agus a bhformhór á dtógáil le hobair deonach na ndaoine áitiúla, aithreacha is máithreacha na bpáistí a bheidh ag freastal orthu. An Rialtas a íocann as soimint, brící, díonta stáin is mar sin de ach is iad na daoine féin atá á dtógáil (le roinnt cabhrach uathu siúd atá sna príosúin nó campaí oibre). Ní dócha go mbeidh siad ar fad réidh in am ach, fiú más gá do na páistí fanacht cúpla seachtain breise, is fearr sin ná gan dul ar scoil ar chor ar bith!

Toradh eile ar an scoilbhliain nua bheith ag tosú ná nach féidir liom taisteal an deireadh seachtaine seo. Seachas na scoileanna áitiúla ina bhfuil na seomraí ranga nua seo á dtógáil, is scoileanna chónaithe iad gach meánscoil sa tír agus níl aon rogha ag páistí cén scoil ar a fhreastalaíonn siad. Má éiríonn maith go leor leat i do chuid scrúdaithe bunscoile rang a sé, gheobhaidh tú teachtaireacht comhghairdis a déarfaidh leat cén áit sa tír a mbeidh tú ag dul. Mar sin, amárach beidh na mílte is na mílte daltaí meánscoile ag líonadh na mbusanna, gach ceann acu le tocht fillte faoina (h)ascaill maraon le héadaí is gach rud eile a bheidh ag teastáil don téarma.

An chéad uair ar chuala mé faoi seo, chuir sé alltacht orm. Tá sé i bhfad Éirinn níos costasaí gach duine a chur chuig scoil chónaithe (mar is eol dom féin ó bheith i mo leas-phríomhoide ar scoil chónaithe le deich mbliana anuas) seachas ligean dóibh dul chuig scoileanna áitiúla. Ach tá ciall leis, ar chúpla fáth. Fáth amháin ná gur féidir leat bheith cinnte go mbeidh na páistí ar scoil agus in am gach lá (maraon lena gcuid múinteoirí ní miste a rá). Ach fáth níos tábhachtaí fós, tar éis ar tharla i Ruanda cúig bliana déag ó shin, tá an Rialtas ag déanamh a dhícheall cinntiú gur don tír mar thír a thugann daoine a ndílseacht, seachas dá gceantar nó dá ngrúpa féin. Is as na daltaí seo a thiocfaidh na ceannairí náisiúnta is áitiúla, lucht gnó is bainistíochta, múinteoirí, póilíní, saighdiúirí agus mar sin de. Mar sin, cibé áit a dtéann siad ar scoil, meascfaidh siad le páistí eile ó gach ceantar agus gach cúige den tír, agus – don chuid is mó – gach reiligiún.


LEICTREACHAS!
Mar mhúinteoir staire is cuimhin liom go minic ag cur síos ar scéim leictriú na tuaithe in Éirinn chuig daltaí nárbh eol dóibh riamh saol gan é. Táim i mo chónaí anseo i nGisagara i ndeisceart Ruanda ó Mhí na Samhna 2008 gan é agus caithfidh mé a rá – seachas ag an deireadh seachtaine nuair ba mhaith liom mo ríomhaire a luchtú – nár chruthaigh sé an iomarca deacrachtaí dom. Ach nuair a chualamar go raibh an leactreachas ag teacht chuig ar sráidbhaile bheag um Nollag, caithfidh mé a admháil gur chuir sé sceitimíní ormsa is ar mo chomhpháirtí Sarah, oibrí deonach eile de chuid VSO ó Shasana atá in aontí liom féin.

Bhuel, tá sé againn anois agus, an bhfuil fhios agaibh, is beag leas a bhainimid as. Má chuirimid na soilse ar siúl istoíche, meallann sé na sluaite d’fheithidí a bhainfeadh an fheoil de do chnámha taobh istigh de chúpla nóiméad. Tá an chumhacht chomh lag sin go dtógann sé suas le deich nóiméad don pláta te leictreach téamh agus gur fearr go mór an chócaireacht a dhéanamh ar an sorn pairifín mar ba ghnách linn. Ach ar a laghad is féidir an fón agus an ríomhaire a choinneáil luchtaithe. Agus ní mór dúinn cuimhneamh go bhfuilimid anois ar an mbeagán - 6% - de dhaonra na tíre seo a bhfuil leictreachas acu.


CÁIL NA nÉIREANNACH
Bhain timpiste dom oíche amháin agus mé ag siúl trí shráideanna Kigali – dúnpholl ar an gcosán nach raibh clúdach air agus nach bhfaca mé sa dorchadas (is dócha nár chabhraigh sé go rabhas ag caint le cara ar an bhfón póca ag an am). An mhaidin dár gcionn nuair a dhúisigh mé, ba léir le solas an lae go raibh mo ghlúin chlé gortaithe níos measa ná mar a shíl mé ag an am agus bhailigh mé liom chuig ospidéal King Faycel. Cuireadh dochtúir chugam ar an toirt, fear deas óg ón Tansáin darb ainm Andrew. Scrúdaigh sé mé, ghlan amach an chréacht agus dúirt nach raibh greamanna ag teastáil. Mhol sé dom gan bogadh timpeall an iomarca agus scríobh sé amach oideas dom. Agus an t-oideas á thabhairt aige dom, dúirt sé gur roghnaigh sé an druga áirithe seo ar thrí fáth: a) go raibh sé saor (mar gur thuig sé gur oibrí deonach mé nach raibh tuarastal á fháil aige), b) go raibh sé éasca le fáil i Kigali (áit a bhfuil sé fíordheacair teacht ar go leor gnáthdhrugaí) agus c) gurb Éireannach mé.

‘Éireannach?’ adúirt mé, ‘cén fáth a bhfuil an druga seo oiriúnach d’Éireannaigh?’

‘Toisc gurb é an t-aon cheann amháin atá ar fáil ar féidir leat alcól a ól agus tú á thógáil’ ar seisean.

roheithir@gmail.com

Sunday, February 7, 2010

Agashingura cumu 6

UKURI NI IKI?
Comhartha amháin a léiríonn chomh cráifeach is atá daoine anseo i Ruanda ná an oiread sliochtanna as an mBíobla, línte as iomainn naofa is pictiúir den iliomad chineál a fheictear in oifigí, ar dheascanna, in oifigí stáit – chuile áit. Cúpla seachtain ó shin tháinig mé isteach in oifig ina n-oibrím ó am go chéile nuair nach bhfuil aon leictreachas sa bhfoirgneamh ina bhfuil m’oifig féin (rud a tharlaíonn go rialta toisc praghas an bhreosla a bheith chomh hard sin) agus chonaic mé ceann nua ar an mballa: ‘Pilato abaza Yezu ati “Ukuri ni iki?”’– d’fhiafraigh Píoláit d’Íosa ‘Cad is fírinne ann?’.

Rud coitianta é anseo manaí is aithisc a fheiceáil ar bhallaí, foirgnimh poiblí, t-léinte – áit ar bith is féidir. Scríofa ar gach doras in oifigí an údáráis áitiúil ina n-oibrím tá an mana oifigiúil d’oibrithe rialtais áitiúil: ‘Dukorane umurava dutere imbere’ – ‘dul chun cinn trí obair chrua’, (ceann de na nathanna is túisce a d’fhoghlaim mé nuair a tháining mé anseo, cé nach minic a éiríonn liom é a shá isteach sa chomhrá laethiúil). Agus tá go leor cinn pearsanta eile ag daoine, scríofa ar bharr an ríomhaire, ar na ballaí, ar chlúdach dialainne, fiú mar spárálaí scaileáin ar fón póca nó ríomhaire. Agus beagnach céad faoin gcéad den am, is sliochtanna as an mbíobla iad.

Ach tá dhá rud eisceachtúil faoin sliocht áirithe seo atá ag mo chara ar an mballa. Ar an gcéad dul síos tagann seo ón NuaThiomna, cuid den Bhíobla nach bhfeictear domsa go bhfuil ról ró-lárnach aige sa chineál Críostaíochta a chleachtar anseo (tuilleadh faoi sin ar ball). Ach níos spéisiúla fós, ní hé an cineál ruda é a déarfadh Ruandaigh go hoscailte. ‘Cad is fírinne ann?’ Níl lá a théann thart nach gcloistear ar an raidió nó nach léitear sna nuachtáin anseo aire stáit nó an tUachtarán féin ag tabhairt aithisc faoi fhírinne na cinedhíothaithe i 1994, fírinne na dtarlúintí sna blianta a lean, an fhírinne faoi staid polaitiúil is soisialta na tíre faoi láthair agus mar sin de. Tá leagan ‘oifigiúil’ ann anois de céard a tharla i 1994 agus na blianta a lean – sin í an fhírinne oifigiúil agus de réir dlí nua a tháinig isteach i Meitheamh 2008 is coir é aon rud a rá go poiblí a théadh i gcoinne an leagan oifigiúil seo. Mar shampla, fear amháin a thug fianaise i gcúirt gurb é an fáth ar theith sé chuig an Bhurúin ná go bhfaca sé saighdiúirí den RPF (iad siúd a tháinig isteach i Ruanda chun an cinedhíothú a stopadh) ag marú sibhialtaigh, gearradh téarma fiche bliain sa bpríosún air toisc ‘íoslaghdú ollmhór ar an gcinedhíothú’ a bheith déanta aige.

Ní hé nach dtuigim cén fáth a bhfuil an rialtas agus na húdaráis anseo goilliúnach faoin gceist. Ón uair a d’fhreagair Francois Mitterand ceist ó iriseoir faoin gcinedhíothú lena cheist féin – ‘Cé acu cinedhíothú atá i gceist agat?’ – rinne rialtas na Fraince agus lucht leanúna an Interahamwe a theith thar lear tar éis 1994 tréaniarracht scéal a scaipeadh go raibh na rudaí a rinne an RPF nuair a thángadar isteach sa tír gach pioc chomh dona le cibé rud a tharla nuair a rinne na Hutu iarracht na Tutsi a dhíothú. Ní hé nár maraíodh a lán daoine – sibhialtaigh ina measc – le linn ionradh an RPF i Ruanda i 1994 agus nár tapaíodh an deis le díoltas a agairt ar na mílte – idir 30,00 is 100,000 ag brath ar cé acu údarás a ghlacann tú leis - ach níl aon fiosrú, tuarascáil nó iniúchadh creidiúnach a ghlacann leis an tuairim gur ‘cinedhíothú’ de chineál ar bith a bhí ann.

Ach anois má deir aon duine go poiblí nó i scríbhinn gur chóir saighdiúiri den RPF a ionchúisiú as ucht ainghníomhartha a tharla i 1994 nó ina dhiaidh, nó fiú gur tharla a leithéid d’ainghníomhartha, is féidir píonós idir deich is cúig bliana is fiche sa bpríosún maraon le fíneáil suas le milliún franc Ruandacha (€1,200) a ghearradh orthu. Ábhar buartha níos mó fós ná an dlí nua in aghaidh Idéolaíocht na Cinedhíothaithe (m’aistriúchánsa ar Genocide Ideology – fáilteofar roimh leaganacha níos snasta), coir nua nach bhfuil aon sainmhíniú beacht air ach atá cheana féin in úsáid in aghaidh daoine ar fáthanna nach léir aon bhaint a bheith acu le rud ar bith a bhaineann leis an gcinedhíothú. Is féidir páiste dhá bhliain déag d’aois a chúisiú agus, má chiontaítear iad, a chur chuid ionad athshlánúcháin nó leath an phíonóis a ghearrfaí ar dhuine fásta (idir 15 is 25 bliain príosúnachta) a ghearradh orthu. Sa chás sin, is féidir an píonós céanna nó ceann níos mó a ghearradh ar mhúinteoir nó tuismitheoir a cheaptar a bheith ciontach freisin. Mar sin, smaoineamh an-mhaith é bheith cinnte go bhfuil fhios agat cad é an leagan oifigiúil den ‘fhírinne’ faoi láthair!

CAD Í AN FHÍRINNE?

Gné eile den cheist céanna ná chomh deacair is atá sé a fháil amach cad go díreach atá ag tarlú. Um Nollaig agus go gearr ina dhiaidh sin rinneadh ionsaí ar thrí theach ósta timpeall Bhutare, an baile is gaire don áit a bhfuilimse i mo chónaí. Níor maraíodh aon duine ach gortaíodh roinnt, cuid acu dona go leor, deirtear. Mar thoradh air seo, cuireadh cuirfiú i bhfeidhm sa cheantar sin agus i mo cheantar féin Oíche Chinn Bhliana agus an oíche ina dhiaidh sin ionas nach gcuirfí deis ar fáil d’éinne a bheadh ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh arís.

Ach cé ba chúis leis na hionsaithe? Cé orthu a raibh siad dírithe? Fiú agus mé imithe i dtaithí ar nósanna agus cultúr na háite seo, chuir sé iontas orm a laghad cainte agus a bhí ann faoi. Agus nuair a d’éirigh liom faoi dheireadh freagra éigin a tharraingt as mo chairde ní féidir liom a rá go raibh léargas mórán níos soiléire agam ar ar tharla. As an seisear a bhí sasta caint liom faoi fuaireas na mínithe seo a leanas:

a) iarbhaill den Interahamwe a bhí ann a bhí ag iarraidh a chur in iúl go bhféadfaidís fós a leithéid a dhéanamh
b) i gcás óstáin amháin, coimhlint taobh istigh de chlann an úinéara a bhí agus ann agus ionsaíodh an dá theach ósta eile chun an fhírinne a cheilt
c) na húdáráis/airm/póilíní a rinne é chun a daonra a choinneáil neirbhíseach agus spleách ar na fórsai míleata
d) na húdáráis/airm/póilíní a rinne é chun leithscéal a thabhairt dóibh daoine a raibh amhras futhu a ghabháil
e) lucht na n-ostán a d’eagraigh é ag súil le hairgead a dhéanamh ón árachas
f) níor tharla na hionsaithe ar chor ar bith.

Mar a chéile é leis an gclaonadh atá ar Ruandaigh a laghad eolais agus is féidir a thabhairt faoi rud ar bith. Eachtra amháin a bhain domsa ná comhrá a bhí agam leis an stiúrthóir oideachais i mo cheantar. Bhuail me isteach aige Déardaoin amháin ag iarraidh cruinniú a eagrú leis don Aoine ar ábhar an-phráinneach. D’iarr me air an raibh sé saor an lá dar gcionn agus dúirt sé go raibh. D’iarr mé an bhfeilfeadh a naoi a chlog dó agus dúirt sé nach raibh fadhb ar bith leis sin. An lá dar gcionn nuair a tháinig mé isteach bhí an oifig ar fad dúnta agus gan duine ná deoraí le feiceáil toisc gur lá saoire poiblí a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach Dé Luain d’iarr mé air cén fáth nár inis sé sin dom nuair a bhí an coinne á eagrú agam. ‘Ach níor iarr tú riamh orm an mbeadh an oifig ar oscailt Dé hAoine’ an freagra a thug sé dom agus ionadh an domhain air cén fáth go rabhas ar buile!

HÓMAIGHNÉASAIGH
San alt deireannach labhair mé roinnt faoi chás an mhionlaigh seo i Ruanda agus san Afraic go ginearálta. Go háirithe i ngeall ar an obair ata ar siúl ag go leor eaglaisí bunchreideamhacha Meiriceánacha agus a gceannairí ar nós Rick Warren (an seanmóirí céanna ar tugadh cuireadh dó labhairt ag insealbhú Barack Obama) anseo san Aifric, feicimid go leor tíortha ag tabhairt isteach dlithe nua agus dlithe níos píonósaí in aghaidh hómaighnéasaigh, píonós an bháis faoi choinníollacha áirithe i gcás Uganda. Mar sin, ba dheas an rud é an ráiteas seo a leanas a léamh cúpla seachtain ó shin ón Aire Dlí agus Cirt, Tharcisse Karugarama: "The government I serve … cannot and will not in any way criminalize homosexuality; sexual orientation is a private matter and each individual has his or her own orientation - - this is not a State matter at all". An bhfuil sibh ag éisteacht thall ansin i Uganda?


GISAGARA ABÚ!
Rud mór sa tír seo an troid in aghaidh caimiléireachta is breabaireachta agus feictear an mana ‘Ruswa oya!’ (‘Diúltaigh don chaimiléireacht!’) i ngach áit. Ní hé nach bhfuil sé ann anseo – tá agus fairsing go leor – ach i gcomparáid leis na tíortha thart timpeall orainn tá an leibhéal i bhfad níos ísle agus déantar tréaniarrachtaí troid ina aghaidh. Mar sin, is le bród ó chroí adeirim gur roghnaíodh mo cheantarsa, Gisagara, as an tríocha ceantar sa tír, mar an ceantar is mó a throid in aghaidh caimiléireachta sa bhliain 2009! B’fhéidir go bhféadfaimis cur isteach ar Chomórtas na mBailte Shlachtmhara an bhliain seo chugainn …..

Monday, December 14, 2009

Agashingura cumu 5

HÓMÁIGHNÉASACHT


Mar atá coitianta i go leor de thíortha na hAifrice, ní ghlactar ar chor ar bith le hómáighnéasacht anseo i Ruanda. Cé nach bhfuil sé in aghaidh an dlí faoi láthair – murab ionann agus Uganda (ina bhfuil dlí nua á phlé faoi láthair a leagann síos píonós an bháis i gcásanna áirithe do ‘choireanna’ mar seo) - táthar ag caint faoi sin a athrú go luath agus cloistear scéalta faoi chiapadh agus géarleanúint ar dhaoine aonair ó am go chéile. Agus níos luaithe i mbliana cuireadh dlí nua (Alt 191) i bhfeidhm a ghearrann téarma idir cúig is deich mbliana i bpríosún ar aon duine a spreagann duine den inscne céanna páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht collaí. Nuair a labhraíonn muintir Ruanda faoin ‘bhfadhb’ seo, deir siad gur rud é a bhaineann le heachtrannaigh amháin agus go bhfeictear é i dtíortha ar nós Uganda is Céineá i ngeall ar thionchar na Breataine thar na blianta.

Mar is eol daoibh (má léigh sibh mo chuid altanna eile!) tá Ruanda tar éis Béarla a chur in ionad na Fraincise mar dara theanga (agus fiú mar chéad theanga in áit na Ruandaise go minic) agus, go poiblí, is beag duine a easaontaíonn leis an gcinneadh. An t-aon eisceacht ná daoine a chloisim ag rá nach féidir leat glacadh le teanga eile gan glacadh le ar a laghad cuid dá chultúr agus nósanna. Mar adúirt ardmháistir meánscoile amháin ‘Má fhoghlaimíonn gach duine Béarla, ansin beidh mná ag caitheamh sciortaí gearra agus beifear ag rá linn nach bhfuil aon rud cearr le hómáighnéasacht!’

Go hoifigiúil, níl aon hómáighnéasaigh i Ruanda. Ceann ar bith. Is ‘galar’ é a bhfuil imdhíonacht ag Ruandaigh air. Toradh spéisiúil amháin atá ar an meon seo ná gur casadh roinnt fir orm anseo ar léir óna n-iompar gur hómáighnéasaigh iad ach, toisc gur Ruandaigh iad agus nach féidir a leithéid de rud a bheith ann agus Ruandach hómáighnéasach, ar bhealach bíonn saoirse i bhfad níos mó acu ina n-iompar poiblí ná mar a bheadh acu in aon cheann de na tíortha mórthimpeall orainn! Ach an fada a leanfaidh sé sin?

ON VOUDRA JOUER POUR ST. PATRICK’S ATHLETIC

Agus mé i mo chónaí i mbaile Butare an bhliain seo caite casadh fear darb ainm Malenge orm. B’as an Chongó é ó dhúchas ach é ina chónaí i Ruanda le píosa fada anois. Duine é a chuir Del Boy on sraith Only Fools and Horses i gcuimhne dom: ní raibh rud ar bith a bhí uait nach bhféadfadh sé a eagrú ar an bpraghas ceart – teach ar chíos, gineadóir leictreachais, déantúis seanda smuigleáilte ón Chongó, tacsaí, cóta in aghaidh fuacht an gheimhridh nó tú a chur in aithne do na daoine a d’fhéadfadh doicméidí is cáipéisí a sholáthar níos tapúla ná na bealaigh oifigiúla. Tar éis tamaill thosaíomar ag caitheamh níos mó ama le chéile, go háirithe chun deoch a ól agus breathnú ar pheil nuair a bheadh Chelsea ag imirt, foireann a bhfuilimid beirt i measc a lucht leanúna.

Dála formhór na hAifrice, is beag duine anseo (bhuel, na fir don chuid is mó ach cuid áirithe de na mná freisin) nach bhfuil spéis acu sa pheil agus i bPremiership Shasana don chuid is mó. Is iad Arsenal rogha na coitiantachta, le Man Utd, Chelsea agus Liverpool (san ord sin) ina ndiaidh. Casadh fear amháin orm a lean Hull City toisc go ndearna sé cúrsa staidéir ansin uair amháin ach seachas é siúd, ní chloistear faoi fhoireann ar bith eile. Agus, dála buachaillí óga i ngach tír ar domhain (mo thírín ghlas féin ina measc) tá aislingí ag go leor bheith mar Drogba nó Messi nó a leithéidí agus a saibhreas a dhéanamh.

Toisc gur thug mé mo léine Joe Cole liom, tuigeann gach duine go bhfuil spéis agam sna cúrsaí sin agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ar an rud is úsáidí a thug mé liom ó thaobh comhrá a thosú nó aithne a a chur ar dhaoine. Toisc nach bhfuil m’ainm ar eolas ag go leor (agus iad siúd a bhfuil sé ar eolas acu, níl sé ar an ainm is éasca ar domhain do dhaoine a labhraíonn teanga inar ionann ‘R’ agus ‘L’), tugann go leor daoine ‘Joe Cole’ orm agus, ar fáth éigin, ceapann roinnt mhaith acu go bhfuil aithne agam ar an bhfear uasal céanna.

Oíche amháin bhí mé i mo shuí le Malenge in ostán an Faucon i mButare ag caint le fear a bhí ag iarraidh gineadóir leictreachais a dhíol liom, rud a cheap mé a bhí uaim ag an am. Nuair a chríochnaíomar (mise ag rá go gcaithfinn labhairt le m’oifig i Kigali) dúirt Malenge ar mhiste liom dá gcuirfeadh sé roinnt dá chairde in aithne dom. Leis sin, tháinig ceathrar fear óg chuig an mbord, iad gléasta in éadaí peile agus, ón mboladh álainn a d’eascair uathu, a bhí díreach tar éis teacht ó sheisiún dian traenála. Tar éis muid féin a chur in aithne dá chéile go foirmeálta, d’iarr mé orthu céard a bhí ar siúl acu. Bhí ciúnas gearr ann agus ansin d’fhreagair duine acu (i bhFraincis): ‘Ba mhaith linn imirt do St. Patrick’s Athletic agus ba mhaith linn go gcabhrófá linn.’

Anois, ó tháinig mé anseo is mó rud aisteach atá cloiste agam agus bím ag súil i ngach comhrá le tuilleadh rudaí aisteacha ach is féidir liom a rá gan bréag a insint go raibh sé seo ar an rud deireannach lena raibh mé ag súil (bhuel, dá ndéarfadh sé Sligo Rovers, b’fhéidir go mbeadh sin níos aistí fós). ‘St. Patrick’s Athletic?’ adúirt mé, ‘an bhfuil sibh cinnte?’. Bhreathnaíodar ar a chéile.'Bhuel, iad siúd nó Shelbourne nó Bohemians’ d’fhreagair an t-úrlabhraí, ‘foireann éigin sa bpríomhchathair’. Bhí mé ar tí iarraidh orthu cén fáth nár roghnaigh siad Shamrock Rovers (mo fhoireann féin) ach chinn mé gan dul síos an bóthar áirithe sin.

Thóg sé tamall an scéal a thuiscint ina iomláine ach faoi dheireadh thuig mé a bhí ar siúl acu. Theastaigh uathu ar fad imirt do cheann de mhórfhoirinn an Premiership ach thuig siad (mar a d’admhaigh siad go humhal) nach bhféadfaidís bheith ag súil go siúlfaidís díreach isteach i bhfoireann Chelsea nó Arsenal. Ag léamh ar an idirlíon, thug siad faoi deara gur tháinig méid áirithe imreoirí as Éirinn agus, nuair a léigh siad a scéalta, thuig siad go raibh sé de nós ag na fóirne móra Sasanacha lorgairí a chiur thall go rialta ag lorg imreoirí. Mar sin, séard a bhí uathu uaimse ná seoltaí poist agus ríomhphoist do na clubanna in Éirinn, maraon le hainmneacha duine ar bith a mbeadh aithne pearsanta agam orthu a d’fhéadfadh cabhrú leo (chinntigh siad arís liom nach raibh aithne pearsanta agam ar Joe Cole). An plean a bhí acu ná go raibh DVD déanta acu díobh féin ag léiriú a scileanna agus go raibh sé seo le cóipeáil agus le seoladh chuig na clubanna in Éirinn. D’íocfaidís sin as víosa agus costaisí taistil gach duine acu agus ansin, nuair a thiocfadh lorgaire Chelsea nó Learpholl ag breathnú orthu ag imirt in aghaidh Fingal nó Dún Dealgan, bheadh leo (agus, ar ndóigh, ba é mo chara Malenge a bhí á eagrú seo dóibh ar phraghas éigin nárbh eol dom).

Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh? Ní deas an rud é aislingí daoine a mhilleadh ainneoin a áiféisí is atá siad. Bhuail mé leo an oíche dar gcionn agus liosta seoltaí agus eile agam dóibh ach, ag an am céanna, d’inis mé dóibh a laghad seans a bhí ann go gcloisfidís rud ar bith. Freisin chuir mé in iúl dóibh a laghad airgid agus a bhí ag formhór na gclubanna seo (d’fhreagair duine acu gur chuma sin, go mbeidís sásta cur suas le tuarastal ceithre nó cúig mhíle euro sa tseachtain go dtí an t-am go mbogfaidís chuig an Premiership!).

Agus b’shin an deireadh. An t-aon rud eile a rinne mé ná teachtaireacht a chur chuig na clubanna ar fad ag iarraidh orthu, dá bhfaighidís teachtaireacht is DVD gan choinne ó Ruanda, go scríobhfaidís ar ais chucu seachas iad a fhágáil ag fanacht go deo!!

Agus má tá cloiste ag aon duine ansin faoi imreoirí nua ó Ruanda atá anois ag imirt in Éirinn, tá mo sheoladh ag bun an leathanaigh agus ba bhreá liom cloisteáil faoi!


DEAMHAIN


Dé Luain cúpla seachtain ó shin d’iarr mé ar Alexis, an chargé d’education, cén chineál deireadh seachtaine a bhí aige. Ní duine é a mharaíonn é féin leis an obair de ghnáth agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt sé gur chaith sé an Domhnach ar fad ag cruinniú i mbunscoil sa cheantar. Ar an Domhnach? Sa tír seo? Nuair a d’fhiafraigh mé de cén fáth, dúirt sé go raibh fadhbanna acu sa scoil le deamhain a bhí ag cur isteach ar chuid de na daltaí. Le cúpla seachtain d’éirigh go leor de na daltaí tinn gan chúis agus d’aontaigh na tuismitheoirí, na múinteoirí agus an chléir gur deamhain ba chúis leis. Ag an cruinniú bhí na múinteoirí, an chléir áitiúil agus na tuismitheoirí is daltaí de ranganna a ceathair, a cúig agus a sé agus chaith siad ceithre uair an chloig ag plé céard a dhéanfaidís faoi. Mar adúirt Alexis liom, rud coitianta go leor é seo ach, toisc na scrúdaithe a bheith gar dúinn cheap siad gurbh fhearr rud éigin a dhéanamh faoi go tapaidh. Áthas orm nach fúmsa a bhí sé an fhadhb sin a réiteach!




roheithir@gmail.com

Thursday, November 5, 2009

Agashingura cumu 4

NOLLAIG SHONA DAOIBH GO LÉIR Ó RUANDA!

Agus é sin raite, is ar éigean a thabharfá an Nollaig faoi deara anseo i Ruanda murach na heachtrannaigh a bheith á cheiliúradh. Tá rianta áirithe de le feiceáil – máisiúcháin ar díol sna siopaí ardnósacha i Kigali, fógraíocht speisialta ó na mórchomhlachtaí is a leithéidí ach, don ghnáthphobal is ar éigean a thugann said faoi deara é. Bíonn seirbhísí speisialta eaglasta ann, ar ndóigh, ach i dtír chomh cráifeach le Ruanda, is deacair an difríocht a aithint ó mhaidin Domhnaigh ar bith eile.

Dúinne eachtrannaigh anseo, is tráth den bhliain é a ghearrann amach muid níos mó ná riamh ó na daoine thart timpeall orainn. Toisc gur rud mór í an Nollaig do formhór na n-oibrithe deonacha anseo (i gcás m’eagraíochtsa VSO: Sasanaigh, Éireannagh, Gearmánaigh, Francaigh, Ollanaigh agus dornán ó Cheanada, na Stáit Aontaithe agus an Astráil) déanaimid iarracht lá mór (bhuel, seachtain chun na fírinne a rá) a dhéanamh as. I mbliana tá scata againn ag dul chuig Kibuye, baile beag álainn ar chósta Loch Kivu in iarthar Ruanda – táimid ag eagrú bronntanais, cineálacha éagsúla bia agus deoch speisialta (d’aimsigh mé siopa i Kigali inar féidir Jameson a cheannach ar €18.75 an buidéal!), agus ag cur iarratais isteach chuig ár bhfostóirí áitiúla le laethanta saoire a glacadh.

Nuair a rinné mise é sin, chuir sé iontas orthu. Dá mbeinn ag iarraidh dul abhaile go hÉirinn le mo chlann a fheiceáil, thuigfí dom ach cén fáth a dteastódh ó éinne dul ar saoire ag am mar sin ? Lá saoire eaglasta é dóibh siúd agus sin an méid agus – go teoiriciúil ar aon nós – beidh gach duine ag an obair an lá roimhe agus an lá ina dhiaidh (cé gur ar an Aoine a thiteann Lá Nollag i mbliana mar a tharlaíonn). Nuair a rinne mé cur síos ar an Nollaig sa bhaile, leis na maisiúcháin sráide, crainn is bronntanais, ól agus ithe, chuir sé iontas orthu. Ón méid a bhí ráite agamsa cheana leo, bhíodar den tuairim nár thír iontach cráifeach i Éire i gcomparáid le Ruanda ach ba léir nach raibh an ceart acu más chomh díograiseach sin a dhéanaimid breith Íosa Chríost a cheiliúradh!

WARASHATSE? KUBERA IKI?!

“An bhfuil tú pósta? Cén fáth nach bhfuil?!” Má tá ceist amháin thar aon cheist eile a chuirtear orainne oibrithe deonacha anseo, sin é é. Glactar leis anseo go bpósfaidh gach duine agus go mbeidh clann acu – tá an claonadh an oiread páistí agus is féidir a bheith agat ag maolú beagán, go háirithe don mheánaicme agus sna cathracha ach ní fheicim mórán tionchair faoin tuath d’fheachtas an rialtais gan níos mó ná triúr páiste a bheith ag aon chlann (tá ceathrar ag an Uachtarán féin ach b’shin sular fógraíodh an polasaí nua!).

Ó tháinig mé anseo d’iarr seachtar mná orm iad a phósadh, iad go léir dathúil, taitneamhach agus i bhfad níos óige ná mé (bhuel, ar ndóigh – bheadh sé deacair teacht ar bhean caoga bliain d’aois nó gar dó nach raibh pósta cheana féin). Luaigh go leor eile liom nach raibh siad pósta agus go raibh fear céile á lorg acu agus gur thuig siad nach raibh mise pósta – gach rud seachas é a rá amach go díreach (ba bhanaltra duine acu a bhí ag obair ar mo ghlúin in obrádlann in oispidéal i Kigali – nuair a d’iarr sí m’uimhir gutháin orm rith sé liom gan insint di ach bhí sceanóg mór ina láimh aici ag an am agus chinn mé gurbh fhearr géilleadh di).

Tá na mná pósta agus na fir an-bhuartha fúm. Ghlac na fir leis gur ag lorg céile a tháinig mé anseo agus ‘chabhraigh’ siad liom tríd an bhfocal a scaipeadh i bhfad i gcéin. An chéad cúpla seachtain a bhí mé anseo, ba mhór an t-ábhar mórtais dom an oiread sin cailíní dathúla a bhí ag cur spéise i bhfear meánaosta cosúil liom féin – go dtí gur thuig mé go díreach céard a bhí ar siúl!! Agus, ar ndóigh, tá fáthanna eacnamaíoch leis freisin. Má éiríonn leat muzungu (eachtrannach) a phósadh meastar go mbeidh tú féin is do chlann saibhir go deo.

Ach, i mo chás féin, anois go dtuigeann mo chairde anseo nach bhfuil sé i gceist agam géilleadh dá n-impí, cuireann sé isteach orthu go mór. Cara amháin, Antoine, tháinig sé chugam lá amháin, an-sollúnta, agus d’iarr orm go foirmeálta an raibh mé lánchinnte nach bpósfainn? Nuair a dúirt mé gur mar sin a bhí an scéal, chuir sé a lámh ar mo ghlúin agus dúirt: ‘Bazaguhambana ikara’- ‘Cuirfear le gualach tú’. Thóg sé tamall orm a oibriú amach cad ba chiall leis seo (níor thuigeas an t-aistriúchán Fraincise ar ikara - charbon de bois - ar dtús) agus tamall eile cén chiall atá taobh thiar den nath. Is cosúil, má fhaigheann fear bás anseo i Ruanda agus gan páistí ar bith aige, nuair a chuirtear isteach sa chónra é, cuirtear píosa mór gualach múchta lena thaobh mar shiombail go bhfuil deireadh tagtha lena shliocht. Úsáidtear an nath mar mhasla freisin in aghaidh fir nach bhfuil pósta, an cineál rud a déarfadh máthair lena mac nár léir aon deifir a bheith air bean a lorg (dhearbhaigh Antoine dom, ar ndóigh, nach mar mhasla a bhí sé i gceist aigesean!).

CAIRDE

Tar éis bliana agus píosa anseo tá go leor cairde nua déanta agam ach, chun na fírinne a rá, is eachtrannaigh chuile dhuine acu. Tá dlúthchara amháin agam ón sráidbhaile beag ina gcónaím – Enock an t-ainm atá air, múinteoir meánscoile – ach is ó dheisceart Uganda é ó dhúchas agus Béarla den scoth aige. Is ábhar cainte é seo go minic idir na hoibrithe deonacha anseo, go háirithe sinne atá anseo píosa anois agus a tháinig le haislingí an teanga a fhoghlaim go sciobtha, buanchairdis a chruthú leis na daoine áitiúla agus a bheith, i ndeireadh na dála, níos Ruandach ná na Ruandaigh féin. Braithimid cineál éigean ciontachta nach mar sin a tharla, faoi mar gurb orainn féin atá an locht ach, chun na fírinne a rá, tá cúlra agus cultúr agus nósanna an dá thaobh chomh difriúil sin nár chóir ionadh ar bith a bheith orainn.

Agus mé ag caint lá amháin le duine eile san oifig, d’iarr sé orm an raibh mórán cairde déanta agam ó tháinig mé. D’admhaigh mé nach raibh i ndáiríre agus gach uair a rinne mé iarracht, ba léir tar éis tamaill (tamall an-ghearr go minic) gurb ag lorg airgid nó rud éigin eile a bhí siad. Mhínigh seisean dom go bhfuil muintir an tsaoil roinnte i dtrí chuid – clann, cairde agus strainséirí. Níl rogha ar bith agat i dtaca le do chlann (agus áirítear raon leathan daoine mar ‘chlann’ anseo, ina measc daoine a rugadh ar an gcnoc céanna leat fiú mura bhfuil gaol fola agat leo) ach lorgaíonn tú cairde a bheidh úsáideach duit, daoine le airgead, daoine a bhfuil aithne acu ar daoine tábhachtacha a bheadh ábalta postanna nó scoláireachtaí nó a leithéidí a sholáthar, agus mar sin de. Ní hé sin le rá nach bhfuil daoine ann ar chor ar bith atá ‘cairdiúil’ mar a thuigfimisne an focal ach, mar a dúirt mo ‘chara’ ón oifig, thiocfadh sé deacair airsean a leithéid a shamhlú idir Ruandach agus muzungu .

Mar thoradh air sin, éiríonn tú an-amhrasach faoi dhaoine a deir leat gur mhaith leo a bheith mar chara agat nó teacht timpeall ar cuairt chugat. As na daoine ar fad a tháinig chuig mo theach i sráidbhaile Gisagara, ní raibh ach duine amháin acu nár thug le fios – go díreach nó go hindíreach – gurbh ag lorg rud éigin a tháinig sé. An toradh a bhíonn air seo ná go gcaitheann tú níos mó agus níos mó ama ag lorg comhluadar na n-eachtrannach eile, rud a ghearrann amach thú níos mó fós ón gcultúr áitiúil.

SCRÚDAITHE

Tá na scrúdaithe náisiúnta do Rang a Sé sna bunscoileanna díreach críochnaithe agus mé á scríobh seo gus chaith mé an trí lá ag taisteal timpeall mo cheantar le cigire ó MINEDUC (An Roinn Oideachais anseo) le cinntiú go raibh gach rud ceart. Ar bhealach amháin chuir sé iontas orm chomh heagraithe is chomh proifisiúnta agus a bhí gach rud agus, ag an am céanna, bhí sé ar cheann de na rudaí is mó a chuir dúlagar orm ó tháinig mé anseo. Ag tús na scoilbliana seo chinn an Rialtas iompú ar an mBéarla seachas an Fhraincis mar theanga cumarsáide agus múinteoireachta sna scoileanna. Tugadh an rogha do rang a sé na bliana seo na scrúdaithe a dhéanamh as Béarla nó Fraincis ach, ár ndóigh, le taispeáint go rabhadar ag tacú le polasaí an Rialtais, is as Béarla atá gach scoil agamsa á ndéanamh. Mar sin, tá ar pháistí a chaith cúig bliana ag déanamh a gcuid ábhair as Fraincis gach scrúdú a dhéanamh trí mheán an Bhéarla. Agus sin gan trácht ar an ndrochBhéarla inar scríobhadh na páipéirí scrúdaithe féin, an curaclam seanfhaiseanta atá go hiomlán mí-oiriúnach agus i bhfad rófada, an t-easpa múinteoirí a bhfuil aon Bhéarla acu (tá téacsleabhair i mBéarla anois ag formhór na scoileanna ach leisce ar na múinteoirí iad a úsáid sa rang ar fhaitíos go bhfeicfidh na daltaí chomh lag is atá a gcumas sa Bhéarla) agus liosta rudaí eile a líonfadh alt eile. Agus mé ag iarraidh cinneadh a dhéanamh cad air mo aire a dhíriú i dtosach tuigim d’Earcail agus é ag seasamh ag doras stáblaí Áigéis don chéad uair!

CEIST SAMPLACH: SCRÚDÚ NÁISIÚNTA RANG A SÉ - BÉARLA

Insert the correct form of the comparative or superlative in the following sentences using the verbs provided:
(i) Rwanda is …. Congo (peaceful)
(ii) Girls are …. boys (quarrelsome)

roheithir@gmail.com

Agashingura cumu 3

CÉN FÁTH A BHFUIL TÚ ANSEO?


Amuigh ag ól an oíche cheana le scata Ruandaigh sa sráidbhaile beag i ndeisceart Ruanda ina gcónaím, chuir duine acu ceist orm (mar is minic) cén sórt tíre í Éire agus cad iad na difríochtaí idir í is Ruanda. Dúírt mé gur tír i bhfad níos saibhre ná Ruanda í ar ndóigh, cé nách mar sin a bhí tráth ach, ainneoin sin is uile go raibh fadhbanna againn le daoine gan dídean, páistí ar na sráideanna agus éagrothromaíocht mór idir aicmí sóisialta. Bhí ciúnas ann ar dtús agus cheap mé go mb’fhéidir nár thuigeadar mé. Ansin d’iarr duine amháin ceist orm: páistí ar na sráideanna? Mar a fheicimid i mButare is Kigali? Sea, adúirt mise, díreach mar sin. Leis sin, phléasc gach duine acu amach ag gáire, gáire a lean tamall mhaith. Faoi dheireadh nuair a stopadar (agus mise ag éirí beagáinín teasaí chun na fírinne a rá) thréaslaíodar liom as scéál chomh greannmhar a insint agus é a insint chomh dáiríre sin. D’fhiafraíos díobh cén fáth nár chreideadar mé. Tar éis tuilleadh gáirí, d’aontaíodar go raibh dhá fáth ann thar aon rud eile: bhí fhios ag cách go raibh tíortha an iarthair dochreidte saibhir agus nach raibh easpa ar aon duine in aon tír acu. Agus mise a bheith i Ruanda an cruthúnas, mar cén cineál duine a d’fhágfadh a thír is a mhuintir féin agus iad faoi ghanntanas chun dul agus cabhrú le strainséirí in áit eile ar fad?


AIRGEAD


Uaireanta cuireann sé iontas orm anseo i Ruanda nach bhfuil an saol níos difriúla ón mbaile ná mar atá sé ach tá a lán rudaí anseo atá an-difriúil go deo. Rud mór amháin a bhfuilim ag iarraidh dul i dtaithí air anseo ná an dearcadh i leith rudaí a roinnt, go háirithe airgead. Tá muintir Ruanda an-flaithiúil le sealbhas is airgead ach ní roinnfidh siad eolas leat mura gcuirtear iachall orthu. Feiceann siad muintir an iarthair mar a mhalairt – táimid i gcónaí réidh le eolas is scileanna is a leithéidí a roinnt ach coinnímid ár gcuid airgid is sealbhas pearsanta chugainn féin.

Anseo, má iarrann duine éigin rud éigin uait, is beag nach go gcaithfidh tú é a thabhairt dóibh. Tá an cinneadh déanta acusan go bhfuil an gá atá acu le cibé rud atá i gceist níos mó ná an gá atá agatsa é a chonneáil. Ar ndóigh, tuigtear (go pointe áirithe) nach bhfeidhmíonn daoine cosúil liomsa ar an mbonn céanna ach tarlaíonn sé dúinn ar fad anseo ó am go ham go n-iarrtar orainn – go díreach nó go hindíreach – airgead nó éadaí nó leabhair nó rud éigin mar sin a thabhairt. Ciallaíonn sé, freisin, nach bhfuil a leithéid de rud ann i ndáiríre agus airgead a thabhairt ar iasacht. Má dhéanann tú sin, is faoin duine a fuair an t-airgead atá sé an cinneadh a dhéanamh cathain é a thabhairt ar ais. Déanfar sin nuair atá an gá atá agatsa leis an airgead níos láidre ná gá an té ar thug tú dó nó di é.

Míníonn sé seo rud amháin a chuir iontas orm nuair a chonaic mé é an chéad uair. Lá amháin nuair a bhí mé ag an margadh chonaic mé daoine ag ceannach rís. Sé chéad franc a bhí ar mhála beag 500g, trí mhíle franc ar cheann 5kg ach b’iad na málaí beaga amháin a bhí á gceannach ag daoine, cé gur léir ón airgead a tharraing siad amach go raibh dóthain acu ceann mór a cheannach agus airgead a shábháil. Ach, dá ndéanfaidís amhlaidh, d’fhéadfadh duine ar bith (go háirithe duine dá gclann) teacht chucu agus cuid den rís ‘breise’ seo a iarraidh orthu, ar an mbonn go raibh níos mó acu ag an pointe áirithe sin ná mar a bhí ag teastáil. Mar sin, ceannaíonn tú dóthain don lá sin amháin, nó b’fhéidir an lá dár gcionn.

Baineann an rud céanna le airgead a shábháil. Bheadh sé gan chiall ar fad airgead a shábháil go rialta nuair a d’fhéadfadh duine ar bith sa chlann teacht agus é a iarraidh le haghaidh táillí scoile, chun íoc as bainis, fiacha a ghlanadh nó iliomad rudaí eile. Agus má tharlaíonn sé go bhfaigheann tú suim mór airgid ar fáth éigin, caithfidh tú é a chaitheamh go tapaidh sula gcloiseann daoine faoi, fiú más ar rud éigin áiféiseach atá sé. Ar a laghad is agat féin a bheidh an rud seachas duine éigin eile.

BEOIR AN MHÚINTEORA


An deoch is saoire ar fad anseo ná urwagwa – nó urwarimu (‘beoir na múinteoirí’, imeartas focal ar umwarimu, an focal ar ‘mhúinteoir’) mar a thugtar air go coitianta mar leasainm. Déantar é as grán sorgaim nó bananaí, dhá bharr a fhásann go forleathan sa cheantar agus a ndéantar beoir nó leite astu. Tá páigh an mhúinteora anseo chomh dona sin nach féidir leo gnáthbheoir a cheannach – chosnódh buidéal amháin den bheoir is saoire – Primus – an chuid is mó de pháigh lae. Mar sin, is í an bheoir saor seo an t-aon rud ar féidir le go leor acu ceannach.

Tá an t-ainm seo in úsáid gach áit sa tír, rud a léiríonn go bhfuil an dearcadh céanna ann i leith múinteoirí gach áit a théann tú (bhuel, múinteoirí bunscoile ar a laghad – tá na cáilíochtaí atá ag teastáil do mhúinteoirí meánscoile agus an páigh a théann leis i bhfad níos airde). Agus tá fáth leis – tá an páigh a fhaigheann siad scannallach agus a gcuid cáilíochtaí an-íseal go deo. Le bheith i do mhúinteoir bunscoile, ní gá ach oideachas a thógáil mar ábhar don Ardteist. Má éiríonn leat sa scrúdú, sin é. Ansin, is féidir leat post a ghlacadh i mbunscoil le caoga páiste i ngach rang, le dhá rang difriúil le múineadh maidin is tráthnóna, lá scoile a thosaíonn ag a seacht ar maidin agus a chríochnaíonn ag a cúig tráthnóna agus ranganna éigeantacha Béarla tar éis scoile, ag an deireadh seachtaine agus i rith na laethanta saoire.

Ní haon ionadh, mar sin, nuair a iarrann tú ar mhúinteoirí bunscoile anseo an rud is mó atá ag teastáil uathu, go ndeir siad ‘post éigin eile’.


NIMH


Cúpla seachtain tar éis dom teacht go Ruanda, bhíos ag ól i dteach tabhairne beag i Kigali nuair a bhí orm cuairt a thabhairt ar theach an asail. Nuair a d’fhill me ar mo bhord, bhí mo ghloine agus an buidéal (a bhí fós leathlán) imithe. Nuair a d’fhiafraigh mé den chailín freastail, dúirt sí gur chaith sí amach iad toisc gur fhág mé ar an mbord iad agus go raibh fhios aici nach n-ólfainn deoch a bhí fágtha ina aonar. Ag an bpointe seo theip ar an méid Fraincise a bhí agamsa agus aicise dul níos faide isteach sa scéal ach chuireas ceist ar chara eile an lá dar gcionn. ‘Ar ndóigh’ ar seisean, ‘má fhágann tú bia nó deoch mar sin, cuirfidh duine éigin nimh isteach agus sin deireadh leat.’

Cheap mé gur ag magadh a bhí sé ach is fíor é – tá traidisiún iontach láidir anseo fáil réidh le do namhaide trí nimh a thabairt dóibh agus, mar sin, ní fhágann aon duine bia nó deoch ag am ar bith. Téann tú chuig an leithreas nuair atá deoch críochnaithe agat agus ansin ordaíonn tú an ceann nua, fiú más i measc cairde is clann a bhíonn tú. Mar sin, a luaithe a fheiceann lucht freastail mias nó gloine agus gan aon duine in éineacht leis, glantar é go scioptha. Go traidisúnta (agus nós a fheicim fós i mo cheantar féin), nuair atá grúpa amuigh ag ól, ceannaítear buidéal amháin beorach ag an am agus téann sé timpeall an chiorcail agus chuile duine ag ól as go dtí go bhfuil sé críochnaithe agus ansin tosaítear ar bhuidéal eile. Bealach an-mhaith le frídíní a roinnt ach ar a laghad ní féidir deoch nimhe a thabhairt duit!


DEARE SUL LÉIMIR
Anois is arís tagann tú ar rudaí sna téacsleabhair is páipéirí scrúdaithe is a leithéid a léiríonn duit cé chomh difriúil is a bhreathnaítear ar rudaí áirithe anseo. Breathnaigh ar an gceist seo ó pháipéar scrúdaithe Béarla. Iarradh ar na daltaí cé acu de na suíomhanna seo a leanas a bheadh feiliúnach don nath Béarla ‘Look before you leap’:

a) Ag tabhairt rabhadh do dhuine éigin faoi na dainséirí atá rompu
b) Nuair atá rí-rá sa chlós scoile
c) Chun cur in iúl go bhfuil tú ar tí léim
d) Ag caint le duine dall cois abhann.


roheithir@gmail.com