LEASAINMNEACHA
Ní rud iontach coitianta iad seo i Ruanda ach tháinig mé ar bheirt le déanaí agus leasainmneacha speisiúla acu araon. An lá cheana bhíos i mbaile Butare timpeall 15 ciliméadar ó mo shráidbhaile ag iarraidh carn mhór fotocóipeanna a chríochnú agus a thabhairt abhaile agus thairg comhoibrí liom go mbaileodh sé mé ina charr. Agus muid ag imeacht linn ghlaoigh sé amach chuig fear a bhí ag tiomáint sa treo eile. ‘An bhfuil aithne agat air siúd’ ar seisean liom, ‘Inyamaswa?’ Dúirt mé nach raibh agus nach raibh an t-ainm sin cloiste agam cheana.
‘Leasainm atá ann’ ar seisean, ‘ciallaíonn sé ‘ainmhí’. Le linn an chinedhíothaithe, cuireadh ina leith gur bhain sé an ceann de go leor daoine - fir, mná is páistí - le panga nó cineál claíomh. Dúirt na cúirteanna nach raibh sé ciontach ach d’fhan an t-ainm.’
‘Agus an cuma leis faoi?’ arsa mé féin.
‘N’fheadar’ arsa mo chara ‘ach déarfainn go bhfuil sé imithe i dtaithí air faoin am seo.’
Fear eile atá ina mhúinteoir sa mheánscoil in aice liom, cuireadh in aithne dom é don chéad uair mar jambazi. Anois, sin focal ón Svahaílis atá ar eolas agam agus ciallaíonn sé ‘gadaí’. Ar feadh i bhfad ba leasc liom an cheist a chur – b’fhéidir gur chaith sé tréimhse i bpríosúin nó rud éigin mar sin. Faoi dheireadh, chuireas an cheist ar mhúinteoir eile sa scoil a bhfuilim cairdiúil leis. Phléasc sé amach ag gáire agus dúirt liom gur baisteadh sin air toisc go n-oibríonn sé chomh crua sin. Tá post lánaimseartha aige mar mhúinteoir Fisice sa mheánscoil, ceann eile ag múineadh istoíche san ollscoil agus an tríú cheann sa chliarscoil i mButare ag múineadh Matamataice do na hábhair sagairt ansin. Mar sin, is é tuairim na coitiantachta ar an scéal ná go bhfuil postanna beirt eile á ngoid aige!
Agus muid ag caint ar ghoid, scríobh mé cheana in alt eile faoin dualgas atá ar dhaoine anseo a gcuid airgid a roinnt, go háirithe le daoine eile sa chlann a bhfuil ganntanas airgid orthu do rud éigin. Rud spéisiúil a léiríonn chomh tábhachtach is atá sé seo sa chultúr Ruandach: ciallaíonn an focal igisambo ‘sprionlóir’ agus ‘gadaí’ araon.
AINDIACHAÍ I MEASC NA gCREIDMHEACH
Tá Ruandaigh i bhfad níos dírí agus níos giorraisc ag cur ceisteanna ná mar a bheadh taithí againne air sa bhaile. An chéad uair a chastar duine ort, fiú strainséar iomlán agus tú ag ól caifé nó buidéal beorach, tagann na ceisteanna loma céanna:
Cén aois tú?
An bhfuil tú pósta?
Cé mhéad páistí atá agat?
Cén reiligiún thú?
Luaigh mé cheana an fhreagairt nuair adeirim nach bhfuilim pósta agus, cé go raibh mé tráth, nach bhfuil páistí ar bith agam (cé go bhfuil colscaradh ann anois i Ruanda, is scannal mór é nuair a tharlaíonn sé). Ach is í an cheist deireannach an ceann is deacra. Nuair a tháinig mé anseo an chéad uair – beagnach dhá bhliain anois, go bhfóire ..... Dia orm – chinn mé a bheith ionraic agus a rá gurb aindiachaí mé. An chéad cúpla uair a rinne mé sin, ba spéisiúil na freagairtí a fuair mé. Go leor daoine níor thuig siad an freagra, faoi mar a bhí mé tar éis a rá nach gcreidim in anál a tharraingt (ní raibh aon fhocal ann i Kinyarwanda go dtí le déanaí ar ‘aindiachaí’ go dtí gur cumadh ceann). D’fhreagair duine eile le “Ach cé acu Dia nach gcreideann tú ann?”, rud a chuir an seanjóc sa Tuaisceart i gcuimhne dom - “Sea, ach an Giúdach Caitliceach nó Giúdach Protastúnach tú?”
Ach lá amháin agus mé san oifig, thosaigh duine de mo chomhoibrithe ag cur na ceisteanna céanna orm. Nuair a d’fhreagair mé nár chreid mé i nDia ar bith, thit sé ina thost ar feadh tamaill. Gach cúig nó deich nóiméad chuir sé ceist eile orm, ag iarraidh a dhearbhú go cinnte go raibh a raibh ráite agam ráite agam. Faoi dheireadh stop sé agus lean mé orm ag obair. Ansin, thug mé faoi deara go raibh sé caoineadh, go ciúin, na deora ag sileadh lena leicne (agus, rud a rabhas chomh buartha céanna faoi, ag titim ar mhéarchlár an ríomhaire ar a raibh sé ag obair). Bhí alltacht orm mar, cé nach rabhas i bhfad sa tír, thuig mé nach rud é seo a dhéanann Ruandaigh, fir go háirithe, go poiblí riamh, fiú ag sochraidí nó ag searmanais comórtha na cinedhíothaithe.
Chinn mé gurbh fhearr fiafraí céard a bhí cearr. D’fhreagair sé le guth creathach ‘Tá fhios agam go ndófar thú i dtinte Ifrinn go síoraí agus níl fhios agam cad is féidir liom a dhéanamh faoi.” Bhuel, cén freagra a bheadh ag duine ar bith air sin? Ba léir go raibh sé fíorchorraithe agus trína chéíle ach, chun na fírinne a rá, ní raibh tuairim agam céárd a d’fhéadfainn a rá – seachas bréag glan a insint – lena chur ar a shuaimhneas.
Ina dhiaidh sin, d’éirigh mé i bhfad níos cúramaí le mo chuid freagraí (ar an nós Ciarraíoch don chuid is mó, ag freagairt ceiste le ceist eile) ach freisin thosaigh mé ag cur níos mó spéise i gcúrsaí reiligiúin i gcoitinne. Is í an Eaglais Chaitliceach anseo an Eaglais is mó ach tá go leor leor eile ina bProtastúnaigh (an Eaglais Anglacánach go príomha), Baistigh, Aidbhintigh an Seachtú Lá, Finnéithe Iáivé, Teampaill Shíón agus go leor leor mioneaglaisí eile. Agus gach ceann acu de shíor in adharca a chéile ag iarraidh baill na n-eaglaisí eile a thiontú chuig a dtaobh féin.
Chuir sé seo le dúcheist a bhí i m’aigne ó thosaigh mé ag léamh faoin gcinedhíothú agus an páirt lárnach a bhí ag go leor sagairt, ministéir, easpaig is ceannairí eaglasta eile ann, ag mealladh daoine chuig séipéil trína rá go mbeidís sábhailte ann chun an seans a thabhairt do na marfóirí iad ar fad a mharú ag an am céanna. Le corr-eisceacht, i ngach cás go raibh ar dhaoine an rogha a dhéanamh idir phrionsabail a gcreidimh agus a ndílseacht don treibh agus a cheannairí, roghnaigh siad an treibh. Mar sin, ní fhéadfainn a dhéanamh amach cén fáth ar lean daoine lena ndílseacht nó a gcreideamh i nDia nó, go minic, gur éirigh sé níos láidre fós. Cén cineál Dia a ligfeadh do rud mar seo tarlú gan rud éigin a dhéanamh faoi?
Níl mórán daoine anseo a bhfuil aithne maith go leor agam orthu le ceisteanna mar seo a chur. Ach tugadh freagrai éagsúla orm. Tar éis rud chomh huafásach leis sin, dúirt roinnt, mura mbeadh Dia agat le creidiúnt ann, céard a bheadh fághta, cén dóchas a d’fhéadfá a bheith agat, cén spreagadh a bheadh agat do shaol a chur le chéile arís agus leanacht ar aghaidh? Daoine eile a mhínigh an scéal trína rá gurb é an Diabhal féín ba chúis leis an gcinedhíothú nuair a ghabh sé seilbh ar anamnacha na ndaoine a ghlac páirt ann agus chuir iachall orthu na rudaí uafásacha seo a dhéanamh – mar sin, ta sé níos tábhachtaí ná riamh guí agus impí ar Dhia gach duine a chosaint óna leithéíd (scéal é seo a chloistear go minic uathu siúd a ghlac páírt díreach sa mharú – ba é an Diabhal ba chiontach, ní mise a rinne é – bealach áisiúil le ciontacht pearsanta a sheachaint, dar liom).
Ach tá freagra amháin nach ndéantar caint faoi go minic – thiontaigh daoine ina Muslamaigh. Níor luaigh mé Muslamaigh ar an liosta thuas ach sin é, mar adeirtear, an eilifint i gcúinne an tseomra. Tá sé geall le dodhéanta staitisticí beachta a fháil ar chéatadán an daonra anseo atá ina Muslamaigh ach tá rud amháin cinnte – tá sé dhá nó trí oiread níos airde ná mar a bhí sé roimh 1994, agus tháinig formhór an ardaithe seo sna blianta díreach i ndiaidh 1994. Le linn na cinedhíothaithe, seachas corr-eisceacht, lean Muslamaigh prionsabail an Chóráin agus dhiúltaigh siad páirt a ghlacadh sa mharú. Níos mó ná sin, sábháladh na mílte Tutsi nuair a thug Muslamaigh dídean dóibh, beag beann ar a ndílseacht ciníoch pearsanta féin.
Ach tá cineál comhcheilg ciúnais faoin gceist seo. Níl fonn ar Muslamaigh aird a tharraingt ar an gclaonadh seo agus cinnte ní theastaíonn ó na hEaglaisí Críostaí a admháíl go bhfuil sé seo ag tarlú. Ag mar sin leanann na hEaglaisí Críostaí ar aghaidh ag póitseáil baill a chéile, ag bailiú airgid thar lear chun cur lena bhfeachtais tiontaithe agus ag seachaint na gceisteanna crua faoinar tharla i 1994. Agus, diaidh ar ndiaidh, bliain i ndiaidh bliana, leanann céatadán na Muslamach ag fás, sa tír ba Chaitlicigh san Aifric, tráth dá raibh.
AG FILLEADH ABHAILE
Faoin am a fhoilseofar seo, beidh mé ar ais in Éirinn. Meascán de ghliondar (mo chlann is mo chairde a fheiceáil arís, pionta a ól, easpa feithidí do mo chreimeadh gach lá, réimse bia a bhlaiseadh nár bhlaiseas le dhá bhliain) agus gruaim (na cairde a fhágfaidh mé anseo i mo dhiaidh, an aimsir iontach, bia nach mbeidh teacht air in Éirinn, luas sibhialta an tsaoil) atá orm. Chun na fírinne a rá, d’fhanfainn dá bhféadfainn. Gach rud atá léite agam faoi mo thír dúchais le dhá bhliain, idir caimiléireacht, fadhbanna eacnamaíoch agus domheanma náisiúnta, tá sé ina chodarsnacht iomlán le Ruanda. Ach, i ndeireadh na dála, níl aon tinteán mar do thinteán féin!