SEIF I RUANDA
Sna hochtóidí bhí an ráta SEIF i Ruanda chomh hard le 30% i gceantracha áirithe mar a bhí coitianta i bhformhór thíortha Oirthear is deisceart na hAifrice. Inniu, tá an ráta náisiúnta síos chuig timpeall 3% (2.2% faoin dtuath, 7.2% sna bailte) agus chuig 1% ina measc siúd idir 15 is 24 bliana d’aois. Ar an iomlán, is é an sampla is rathúla é san Aifric den troid in aghaidh SEIF. Toradh aisteach amháin ata air seo ná an oiread sin eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag feidhmiú anseo sa bhfeachtas in aghaidh SEIF – breis is 150 de réir comhairleoir amháin ar labhair mé léi. Ach ní i ngeall ar an oiread sin eagraíochtaí a bheith páirteach a tháinig an titim tubaisteach seo – is é Rialtas agus muintir Ruanda féin a rinne an chuid is mó den obair. D’fhéadfá a rá - gan a bheith ach beagáinín ciniciúil - gurb in ainneoin na n-eagraíochtaí seo a tharla sé. Is ar éigean a bhfuil comhordú ar bith eatarthu agus go leor acu in adharca a chéile ag iarraidh an chreidiúint a bhaint dá chéile don méid atá déánta. Ach, toisc gurb é Ruanda an tseoid idirnáisiúnta sa troid in aghaidh SEIF, tá gach eagraíocht ag iarraidh go bhfeicfí iad mar chuid den iarracht seo chun tacaíocht agus, ar ndóigh, teacht isteach airgidis a mhéadú.
Mar airgead mór atá i gceist. An bhliain seo caite, caitheadh níos mó airgid i Ruanda ar scéimeanna is feachtais éagsúla in aghaidh SEIF ná a caitheadh ar an mbuiséád sláinte do gach rud eile sa tír. San Aifric i gcoitinne, caitheadh $13.2bn ar an dóigh seo cé nach é SEIF ach aicídí eile ar nós buinneach na bpáistí, maláire agus eitinn is mó a mharaíonn daoine, páiste go háirithe. Ach ní le leas na n-eagraíochtaí seo a bheadh sé go ndíreofaí aird daoine sa domhain forbartha orthu seo.
Gné suntasach eile anseo i Ruanda ná seasamh na n-eaglaisí éagsúla i leith úsáid coiscíní, rud a chruthaigh deacrachtaí i go leor tíortha eile sa chuid seo den Aifric. B’fhéidir i ngeall ar chultúr an údaráis a bheith chomh láidir anseo i Ruanda, d’aontaigh ceannairí na n-eaglaisí Críostaí ar fad go poiblí gan cur in aghaidh feachtas an rialtais úsáid coiscíní a mholadh i measc an phobail i gcoitinne agus i measc daoine óga go háirithe. Ar ndóigh, tá cead acu labhairt lena lucht leanúna féin mar is maith leo ó thaobh béim a leagan ar staonadh ó chaidreamh gnéis go dtí go bhfuil tú pósta agus mar sin de. Mar adúirt an Dochtúir Anita Asiimwe, cathaoirleach CNLS (An Coimisiún Náisiúnta chun SEIF a smachtú) “is féidir le Dia a bhreith féin a thabhairt ar dhaoine i geall ar a n-iompar ach ba chóir go dtabharfaí an bhreith sin ar dhaoine atá saor ó SEIF.”
AR AIS AR SCOIL
Ag mé á scríobh seo ag tús mí Feabhra, tá an scoilbhliain nua buailte linn. Bhí sí le tosú ar an 11ú Eanáir ach cuireadh siar trí sheachtain í chun seans a thabhairt do mhúinteoirí uilig na tíre freastal ar ranganna i mBéarla (os rud é gur athraíodh an teanga múinteoireachta go tobann ó Fhraincis go Béarla bliain ó shin). Chomh maith leis sin, d’fhógair an Rialtas go mbeidh sé de cheart ag gach páiste as seo amach freastal ar naoi mbliana scoile saor in aisce, seachas sé bliana mar a bhíodh.
Mar sin, ceann de na rudaí is mó atá ar siúl ag gach roinn oideachais sna ceantracha áitiúla ná tógáil seomraí ranga - na céadta is na céadta acu i ngach cuid den tír agus a bhformhór á dtógáil le hobair deonach na ndaoine áitiúla, aithreacha is máithreacha na bpáistí a bheidh ag freastal orthu. An Rialtas a íocann as soimint, brící, díonta stáin is mar sin de ach is iad na daoine féin atá á dtógáil (le roinnt cabhrach uathu siúd atá sna príosúin nó campaí oibre). Ní dócha go mbeidh siad ar fad réidh in am ach, fiú más gá do na páistí fanacht cúpla seachtain breise, is fearr sin ná gan dul ar scoil ar chor ar bith!
Toradh eile ar an scoilbhliain nua bheith ag tosú ná nach féidir liom taisteal an deireadh seachtaine seo. Seachas na scoileanna áitiúla ina bhfuil na seomraí ranga nua seo á dtógáil, is scoileanna chónaithe iad gach meánscoil sa tír agus níl aon rogha ag páistí cén scoil ar a fhreastalaíonn siad. Má éiríonn maith go leor leat i do chuid scrúdaithe bunscoile rang a sé, gheobhaidh tú teachtaireacht comhghairdis a déarfaidh leat cén áit sa tír a mbeidh tú ag dul. Mar sin, amárach beidh na mílte is na mílte daltaí meánscoile ag líonadh na mbusanna, gach ceann acu le tocht fillte faoina (h)ascaill maraon le héadaí is gach rud eile a bheidh ag teastáil don téarma.
An chéad uair ar chuala mé faoi seo, chuir sé alltacht orm. Tá sé i bhfad Éirinn níos costasaí gach duine a chur chuig scoil chónaithe (mar is eol dom féin ó bheith i mo leas-phríomhoide ar scoil chónaithe le deich mbliana anuas) seachas ligean dóibh dul chuig scoileanna áitiúla. Ach tá ciall leis, ar chúpla fáth. Fáth amháin ná gur féidir leat bheith cinnte go mbeidh na páistí ar scoil agus in am gach lá (maraon lena gcuid múinteoirí ní miste a rá). Ach fáth níos tábhachtaí fós, tar éis ar tharla i Ruanda cúig bliana déag ó shin, tá an Rialtas ag déanamh a dhícheall cinntiú gur don tír mar thír a thugann daoine a ndílseacht, seachas dá gceantar nó dá ngrúpa féin. Is as na daltaí seo a thiocfaidh na ceannairí náisiúnta is áitiúla, lucht gnó is bainistíochta, múinteoirí, póilíní, saighdiúirí agus mar sin de. Mar sin, cibé áit a dtéann siad ar scoil, meascfaidh siad le páistí eile ó gach ceantar agus gach cúige den tír, agus – don chuid is mó – gach reiligiún.
LEICTREACHAS!
Mar mhúinteoir staire is cuimhin liom go minic ag cur síos ar scéim leictriú na tuaithe in Éirinn chuig daltaí nárbh eol dóibh riamh saol gan é. Táim i mo chónaí anseo i nGisagara i ndeisceart Ruanda ó Mhí na Samhna 2008 gan é agus caithfidh mé a rá – seachas ag an deireadh seachtaine nuair ba mhaith liom mo ríomhaire a luchtú – nár chruthaigh sé an iomarca deacrachtaí dom. Ach nuair a chualamar go raibh an leactreachas ag teacht chuig ar sráidbhaile bheag um Nollag, caithfidh mé a admháil gur chuir sé sceitimíní ormsa is ar mo chomhpháirtí Sarah, oibrí deonach eile de chuid VSO ó Shasana atá in aontí liom féin.
Bhuel, tá sé againn anois agus, an bhfuil fhios agaibh, is beag leas a bhainimid as. Má chuirimid na soilse ar siúl istoíche, meallann sé na sluaite d’fheithidí a bhainfeadh an fheoil de do chnámha taobh istigh de chúpla nóiméad. Tá an chumhacht chomh lag sin go dtógann sé suas le deich nóiméad don pláta te leictreach téamh agus gur fearr go mór an chócaireacht a dhéanamh ar an sorn pairifín mar ba ghnách linn. Ach ar a laghad is féidir an fón agus an ríomhaire a choinneáil luchtaithe. Agus ní mór dúinn cuimhneamh go bhfuilimid anois ar an mbeagán - 6% - de dhaonra na tíre seo a bhfuil leictreachas acu.
CÁIL NA nÉIREANNACH
Bhain timpiste dom oíche amháin agus mé ag siúl trí shráideanna Kigali – dúnpholl ar an gcosán nach raibh clúdach air agus nach bhfaca mé sa dorchadas (is dócha nár chabhraigh sé go rabhas ag caint le cara ar an bhfón póca ag an am). An mhaidin dár gcionn nuair a dhúisigh mé, ba léir le solas an lae go raibh mo ghlúin chlé gortaithe níos measa ná mar a shíl mé ag an am agus bhailigh mé liom chuig ospidéal King Faycel. Cuireadh dochtúir chugam ar an toirt, fear deas óg ón Tansáin darb ainm Andrew. Scrúdaigh sé mé, ghlan amach an chréacht agus dúirt nach raibh greamanna ag teastáil. Mhol sé dom gan bogadh timpeall an iomarca agus scríobh sé amach oideas dom. Agus an t-oideas á thabhairt aige dom, dúirt sé gur roghnaigh sé an druga áirithe seo ar thrí fáth: a) go raibh sé saor (mar gur thuig sé gur oibrí deonach mé nach raibh tuarastal á fháil aige), b) go raibh sé éasca le fáil i Kigali (áit a bhfuil sé fíordheacair teacht ar go leor gnáthdhrugaí) agus c) gurb Éireannach mé.
‘Éireannach?’ adúirt mé, ‘cén fáth a bhfuil an druga seo oiriúnach d’Éireannaigh?’
‘Toisc gurb é an t-aon cheann amháin atá ar fáil ar féidir leat alcól a ól agus tú á thógáil’ ar seisean.
roheithir@gmail.com
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment