Sunday, February 7, 2010

Agashingura cumu 6

UKURI NI IKI?
Comhartha amháin a léiríonn chomh cráifeach is atá daoine anseo i Ruanda ná an oiread sliochtanna as an mBíobla, línte as iomainn naofa is pictiúir den iliomad chineál a fheictear in oifigí, ar dheascanna, in oifigí stáit – chuile áit. Cúpla seachtain ó shin tháinig mé isteach in oifig ina n-oibrím ó am go chéile nuair nach bhfuil aon leictreachas sa bhfoirgneamh ina bhfuil m’oifig féin (rud a tharlaíonn go rialta toisc praghas an bhreosla a bheith chomh hard sin) agus chonaic mé ceann nua ar an mballa: ‘Pilato abaza Yezu ati “Ukuri ni iki?”’– d’fhiafraigh Píoláit d’Íosa ‘Cad is fírinne ann?’.

Rud coitianta é anseo manaí is aithisc a fheiceáil ar bhallaí, foirgnimh poiblí, t-léinte – áit ar bith is féidir. Scríofa ar gach doras in oifigí an údáráis áitiúil ina n-oibrím tá an mana oifigiúil d’oibrithe rialtais áitiúil: ‘Dukorane umurava dutere imbere’ – ‘dul chun cinn trí obair chrua’, (ceann de na nathanna is túisce a d’fhoghlaim mé nuair a tháining mé anseo, cé nach minic a éiríonn liom é a shá isteach sa chomhrá laethiúil). Agus tá go leor cinn pearsanta eile ag daoine, scríofa ar bharr an ríomhaire, ar na ballaí, ar chlúdach dialainne, fiú mar spárálaí scaileáin ar fón póca nó ríomhaire. Agus beagnach céad faoin gcéad den am, is sliochtanna as an mbíobla iad.

Ach tá dhá rud eisceachtúil faoin sliocht áirithe seo atá ag mo chara ar an mballa. Ar an gcéad dul síos tagann seo ón NuaThiomna, cuid den Bhíobla nach bhfeictear domsa go bhfuil ról ró-lárnach aige sa chineál Críostaíochta a chleachtar anseo (tuilleadh faoi sin ar ball). Ach níos spéisiúla fós, ní hé an cineál ruda é a déarfadh Ruandaigh go hoscailte. ‘Cad is fírinne ann?’ Níl lá a théann thart nach gcloistear ar an raidió nó nach léitear sna nuachtáin anseo aire stáit nó an tUachtarán féin ag tabhairt aithisc faoi fhírinne na cinedhíothaithe i 1994, fírinne na dtarlúintí sna blianta a lean, an fhírinne faoi staid polaitiúil is soisialta na tíre faoi láthair agus mar sin de. Tá leagan ‘oifigiúil’ ann anois de céard a tharla i 1994 agus na blianta a lean – sin í an fhírinne oifigiúil agus de réir dlí nua a tháinig isteach i Meitheamh 2008 is coir é aon rud a rá go poiblí a théadh i gcoinne an leagan oifigiúil seo. Mar shampla, fear amháin a thug fianaise i gcúirt gurb é an fáth ar theith sé chuig an Bhurúin ná go bhfaca sé saighdiúirí den RPF (iad siúd a tháinig isteach i Ruanda chun an cinedhíothú a stopadh) ag marú sibhialtaigh, gearradh téarma fiche bliain sa bpríosún air toisc ‘íoslaghdú ollmhór ar an gcinedhíothú’ a bheith déanta aige.

Ní hé nach dtuigim cén fáth a bhfuil an rialtas agus na húdaráis anseo goilliúnach faoin gceist. Ón uair a d’fhreagair Francois Mitterand ceist ó iriseoir faoin gcinedhíothú lena cheist féin – ‘Cé acu cinedhíothú atá i gceist agat?’ – rinne rialtas na Fraince agus lucht leanúna an Interahamwe a theith thar lear tar éis 1994 tréaniarracht scéal a scaipeadh go raibh na rudaí a rinne an RPF nuair a thángadar isteach sa tír gach pioc chomh dona le cibé rud a tharla nuair a rinne na Hutu iarracht na Tutsi a dhíothú. Ní hé nár maraíodh a lán daoine – sibhialtaigh ina measc – le linn ionradh an RPF i Ruanda i 1994 agus nár tapaíodh an deis le díoltas a agairt ar na mílte – idir 30,00 is 100,000 ag brath ar cé acu údarás a ghlacann tú leis - ach níl aon fiosrú, tuarascáil nó iniúchadh creidiúnach a ghlacann leis an tuairim gur ‘cinedhíothú’ de chineál ar bith a bhí ann.

Ach anois má deir aon duine go poiblí nó i scríbhinn gur chóir saighdiúiri den RPF a ionchúisiú as ucht ainghníomhartha a tharla i 1994 nó ina dhiaidh, nó fiú gur tharla a leithéid d’ainghníomhartha, is féidir píonós idir deich is cúig bliana is fiche sa bpríosún maraon le fíneáil suas le milliún franc Ruandacha (€1,200) a ghearradh orthu. Ábhar buartha níos mó fós ná an dlí nua in aghaidh Idéolaíocht na Cinedhíothaithe (m’aistriúchánsa ar Genocide Ideology – fáilteofar roimh leaganacha níos snasta), coir nua nach bhfuil aon sainmhíniú beacht air ach atá cheana féin in úsáid in aghaidh daoine ar fáthanna nach léir aon bhaint a bheith acu le rud ar bith a bhaineann leis an gcinedhíothú. Is féidir páiste dhá bhliain déag d’aois a chúisiú agus, má chiontaítear iad, a chur chuid ionad athshlánúcháin nó leath an phíonóis a ghearrfaí ar dhuine fásta (idir 15 is 25 bliain príosúnachta) a ghearradh orthu. Sa chás sin, is féidir an píonós céanna nó ceann níos mó a ghearradh ar mhúinteoir nó tuismitheoir a cheaptar a bheith ciontach freisin. Mar sin, smaoineamh an-mhaith é bheith cinnte go bhfuil fhios agat cad é an leagan oifigiúil den ‘fhírinne’ faoi láthair!

CAD Í AN FHÍRINNE?

Gné eile den cheist céanna ná chomh deacair is atá sé a fháil amach cad go díreach atá ag tarlú. Um Nollaig agus go gearr ina dhiaidh sin rinneadh ionsaí ar thrí theach ósta timpeall Bhutare, an baile is gaire don áit a bhfuilimse i mo chónaí. Níor maraíodh aon duine ach gortaíodh roinnt, cuid acu dona go leor, deirtear. Mar thoradh air seo, cuireadh cuirfiú i bhfeidhm sa cheantar sin agus i mo cheantar féin Oíche Chinn Bhliana agus an oíche ina dhiaidh sin ionas nach gcuirfí deis ar fáil d’éinne a bheadh ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh arís.

Ach cé ba chúis leis na hionsaithe? Cé orthu a raibh siad dírithe? Fiú agus mé imithe i dtaithí ar nósanna agus cultúr na háite seo, chuir sé iontas orm a laghad cainte agus a bhí ann faoi. Agus nuair a d’éirigh liom faoi dheireadh freagra éigin a tharraingt as mo chairde ní féidir liom a rá go raibh léargas mórán níos soiléire agam ar ar tharla. As an seisear a bhí sasta caint liom faoi fuaireas na mínithe seo a leanas:

a) iarbhaill den Interahamwe a bhí ann a bhí ag iarraidh a chur in iúl go bhféadfaidís fós a leithéid a dhéanamh
b) i gcás óstáin amháin, coimhlint taobh istigh de chlann an úinéara a bhí agus ann agus ionsaíodh an dá theach ósta eile chun an fhírinne a cheilt
c) na húdáráis/airm/póilíní a rinne é chun a daonra a choinneáil neirbhíseach agus spleách ar na fórsai míleata
d) na húdáráis/airm/póilíní a rinne é chun leithscéal a thabhairt dóibh daoine a raibh amhras futhu a ghabháil
e) lucht na n-ostán a d’eagraigh é ag súil le hairgead a dhéanamh ón árachas
f) níor tharla na hionsaithe ar chor ar bith.

Mar a chéile é leis an gclaonadh atá ar Ruandaigh a laghad eolais agus is féidir a thabhairt faoi rud ar bith. Eachtra amháin a bhain domsa ná comhrá a bhí agam leis an stiúrthóir oideachais i mo cheantar. Bhuail me isteach aige Déardaoin amháin ag iarraidh cruinniú a eagrú leis don Aoine ar ábhar an-phráinneach. D’iarr me air an raibh sé saor an lá dar gcionn agus dúirt sé go raibh. D’iarr mé an bhfeilfeadh a naoi a chlog dó agus dúirt sé nach raibh fadhb ar bith leis sin. An lá dar gcionn nuair a tháinig mé isteach bhí an oifig ar fad dúnta agus gan duine ná deoraí le feiceáil toisc gur lá saoire poiblí a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach Dé Luain d’iarr mé air cén fáth nár inis sé sin dom nuair a bhí an coinne á eagrú agam. ‘Ach níor iarr tú riamh orm an mbeadh an oifig ar oscailt Dé hAoine’ an freagra a thug sé dom agus ionadh an domhain air cén fáth go rabhas ar buile!

HÓMAIGHNÉASAIGH
San alt deireannach labhair mé roinnt faoi chás an mhionlaigh seo i Ruanda agus san Afraic go ginearálta. Go háirithe i ngeall ar an obair ata ar siúl ag go leor eaglaisí bunchreideamhacha Meiriceánacha agus a gceannairí ar nós Rick Warren (an seanmóirí céanna ar tugadh cuireadh dó labhairt ag insealbhú Barack Obama) anseo san Aifric, feicimid go leor tíortha ag tabhairt isteach dlithe nua agus dlithe níos píonósaí in aghaidh hómaighnéasaigh, píonós an bháis faoi choinníollacha áirithe i gcás Uganda. Mar sin, ba dheas an rud é an ráiteas seo a leanas a léamh cúpla seachtain ó shin ón Aire Dlí agus Cirt, Tharcisse Karugarama: "The government I serve … cannot and will not in any way criminalize homosexuality; sexual orientation is a private matter and each individual has his or her own orientation - - this is not a State matter at all". An bhfuil sibh ag éisteacht thall ansin i Uganda?


GISAGARA ABÚ!
Rud mór sa tír seo an troid in aghaidh caimiléireachta is breabaireachta agus feictear an mana ‘Ruswa oya!’ (‘Diúltaigh don chaimiléireacht!’) i ngach áit. Ní hé nach bhfuil sé ann anseo – tá agus fairsing go leor – ach i gcomparáid leis na tíortha thart timpeall orainn tá an leibhéal i bhfad níos ísle agus déantar tréaniarrachtaí troid ina aghaidh. Mar sin, is le bród ó chroí adeirim gur roghnaíodh mo cheantarsa, Gisagara, as an tríocha ceantar sa tír, mar an ceantar is mó a throid in aghaidh caimiléireachta sa bhliain 2009! B’fhéidir go bhféadfaimis cur isteach ar Chomórtas na mBailte Shlachtmhara an bhliain seo chugainn …..

No comments:

Post a Comment