Monday, December 14, 2009

Agashingura cumu 5

HÓMÁIGHNÉASACHT


Mar atá coitianta i go leor de thíortha na hAifrice, ní ghlactar ar chor ar bith le hómáighnéasacht anseo i Ruanda. Cé nach bhfuil sé in aghaidh an dlí faoi láthair – murab ionann agus Uganda (ina bhfuil dlí nua á phlé faoi láthair a leagann síos píonós an bháis i gcásanna áirithe do ‘choireanna’ mar seo) - táthar ag caint faoi sin a athrú go luath agus cloistear scéalta faoi chiapadh agus géarleanúint ar dhaoine aonair ó am go chéile. Agus níos luaithe i mbliana cuireadh dlí nua (Alt 191) i bhfeidhm a ghearrann téarma idir cúig is deich mbliana i bpríosún ar aon duine a spreagann duine den inscne céanna páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht collaí. Nuair a labhraíonn muintir Ruanda faoin ‘bhfadhb’ seo, deir siad gur rud é a bhaineann le heachtrannaigh amháin agus go bhfeictear é i dtíortha ar nós Uganda is Céineá i ngeall ar thionchar na Breataine thar na blianta.

Mar is eol daoibh (má léigh sibh mo chuid altanna eile!) tá Ruanda tar éis Béarla a chur in ionad na Fraincise mar dara theanga (agus fiú mar chéad theanga in áit na Ruandaise go minic) agus, go poiblí, is beag duine a easaontaíonn leis an gcinneadh. An t-aon eisceacht ná daoine a chloisim ag rá nach féidir leat glacadh le teanga eile gan glacadh le ar a laghad cuid dá chultúr agus nósanna. Mar adúirt ardmháistir meánscoile amháin ‘Má fhoghlaimíonn gach duine Béarla, ansin beidh mná ag caitheamh sciortaí gearra agus beifear ag rá linn nach bhfuil aon rud cearr le hómáighnéasacht!’

Go hoifigiúil, níl aon hómáighnéasaigh i Ruanda. Ceann ar bith. Is ‘galar’ é a bhfuil imdhíonacht ag Ruandaigh air. Toradh spéisiúil amháin atá ar an meon seo ná gur casadh roinnt fir orm anseo ar léir óna n-iompar gur hómáighnéasaigh iad ach, toisc gur Ruandaigh iad agus nach féidir a leithéid de rud a bheith ann agus Ruandach hómáighnéasach, ar bhealach bíonn saoirse i bhfad níos mó acu ina n-iompar poiblí ná mar a bheadh acu in aon cheann de na tíortha mórthimpeall orainn! Ach an fada a leanfaidh sé sin?

ON VOUDRA JOUER POUR ST. PATRICK’S ATHLETIC

Agus mé i mo chónaí i mbaile Butare an bhliain seo caite casadh fear darb ainm Malenge orm. B’as an Chongó é ó dhúchas ach é ina chónaí i Ruanda le píosa fada anois. Duine é a chuir Del Boy on sraith Only Fools and Horses i gcuimhne dom: ní raibh rud ar bith a bhí uait nach bhféadfadh sé a eagrú ar an bpraghas ceart – teach ar chíos, gineadóir leictreachais, déantúis seanda smuigleáilte ón Chongó, tacsaí, cóta in aghaidh fuacht an gheimhridh nó tú a chur in aithne do na daoine a d’fhéadfadh doicméidí is cáipéisí a sholáthar níos tapúla ná na bealaigh oifigiúla. Tar éis tamaill thosaíomar ag caitheamh níos mó ama le chéile, go háirithe chun deoch a ól agus breathnú ar pheil nuair a bheadh Chelsea ag imirt, foireann a bhfuilimid beirt i measc a lucht leanúna.

Dála formhór na hAifrice, is beag duine anseo (bhuel, na fir don chuid is mó ach cuid áirithe de na mná freisin) nach bhfuil spéis acu sa pheil agus i bPremiership Shasana don chuid is mó. Is iad Arsenal rogha na coitiantachta, le Man Utd, Chelsea agus Liverpool (san ord sin) ina ndiaidh. Casadh fear amháin orm a lean Hull City toisc go ndearna sé cúrsa staidéir ansin uair amháin ach seachas é siúd, ní chloistear faoi fhoireann ar bith eile. Agus, dála buachaillí óga i ngach tír ar domhain (mo thírín ghlas féin ina measc) tá aislingí ag go leor bheith mar Drogba nó Messi nó a leithéidí agus a saibhreas a dhéanamh.

Toisc gur thug mé mo léine Joe Cole liom, tuigeann gach duine go bhfuil spéis agam sna cúrsaí sin agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ar an rud is úsáidí a thug mé liom ó thaobh comhrá a thosú nó aithne a a chur ar dhaoine. Toisc nach bhfuil m’ainm ar eolas ag go leor (agus iad siúd a bhfuil sé ar eolas acu, níl sé ar an ainm is éasca ar domhain do dhaoine a labhraíonn teanga inar ionann ‘R’ agus ‘L’), tugann go leor daoine ‘Joe Cole’ orm agus, ar fáth éigin, ceapann roinnt mhaith acu go bhfuil aithne agam ar an bhfear uasal céanna.

Oíche amháin bhí mé i mo shuí le Malenge in ostán an Faucon i mButare ag caint le fear a bhí ag iarraidh gineadóir leictreachais a dhíol liom, rud a cheap mé a bhí uaim ag an am. Nuair a chríochnaíomar (mise ag rá go gcaithfinn labhairt le m’oifig i Kigali) dúirt Malenge ar mhiste liom dá gcuirfeadh sé roinnt dá chairde in aithne dom. Leis sin, tháinig ceathrar fear óg chuig an mbord, iad gléasta in éadaí peile agus, ón mboladh álainn a d’eascair uathu, a bhí díreach tar éis teacht ó sheisiún dian traenála. Tar éis muid féin a chur in aithne dá chéile go foirmeálta, d’iarr mé orthu céard a bhí ar siúl acu. Bhí ciúnas gearr ann agus ansin d’fhreagair duine acu (i bhFraincis): ‘Ba mhaith linn imirt do St. Patrick’s Athletic agus ba mhaith linn go gcabhrófá linn.’

Anois, ó tháinig mé anseo is mó rud aisteach atá cloiste agam agus bím ag súil i ngach comhrá le tuilleadh rudaí aisteacha ach is féidir liom a rá gan bréag a insint go raibh sé seo ar an rud deireannach lena raibh mé ag súil (bhuel, dá ndéarfadh sé Sligo Rovers, b’fhéidir go mbeadh sin níos aistí fós). ‘St. Patrick’s Athletic?’ adúirt mé, ‘an bhfuil sibh cinnte?’. Bhreathnaíodar ar a chéile.'Bhuel, iad siúd nó Shelbourne nó Bohemians’ d’fhreagair an t-úrlabhraí, ‘foireann éigin sa bpríomhchathair’. Bhí mé ar tí iarraidh orthu cén fáth nár roghnaigh siad Shamrock Rovers (mo fhoireann féin) ach chinn mé gan dul síos an bóthar áirithe sin.

Thóg sé tamall an scéal a thuiscint ina iomláine ach faoi dheireadh thuig mé a bhí ar siúl acu. Theastaigh uathu ar fad imirt do cheann de mhórfhoirinn an Premiership ach thuig siad (mar a d’admhaigh siad go humhal) nach bhféadfaidís bheith ag súil go siúlfaidís díreach isteach i bhfoireann Chelsea nó Arsenal. Ag léamh ar an idirlíon, thug siad faoi deara gur tháinig méid áirithe imreoirí as Éirinn agus, nuair a léigh siad a scéalta, thuig siad go raibh sé de nós ag na fóirne móra Sasanacha lorgairí a chiur thall go rialta ag lorg imreoirí. Mar sin, séard a bhí uathu uaimse ná seoltaí poist agus ríomhphoist do na clubanna in Éirinn, maraon le hainmneacha duine ar bith a mbeadh aithne pearsanta agam orthu a d’fhéadfadh cabhrú leo (chinntigh siad arís liom nach raibh aithne pearsanta agam ar Joe Cole). An plean a bhí acu ná go raibh DVD déanta acu díobh féin ag léiriú a scileanna agus go raibh sé seo le cóipeáil agus le seoladh chuig na clubanna in Éirinn. D’íocfaidís sin as víosa agus costaisí taistil gach duine acu agus ansin, nuair a thiocfadh lorgaire Chelsea nó Learpholl ag breathnú orthu ag imirt in aghaidh Fingal nó Dún Dealgan, bheadh leo (agus, ar ndóigh, ba é mo chara Malenge a bhí á eagrú seo dóibh ar phraghas éigin nárbh eol dom).

Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh? Ní deas an rud é aislingí daoine a mhilleadh ainneoin a áiféisí is atá siad. Bhuail mé leo an oíche dar gcionn agus liosta seoltaí agus eile agam dóibh ach, ag an am céanna, d’inis mé dóibh a laghad seans a bhí ann go gcloisfidís rud ar bith. Freisin chuir mé in iúl dóibh a laghad airgid agus a bhí ag formhór na gclubanna seo (d’fhreagair duine acu gur chuma sin, go mbeidís sásta cur suas le tuarastal ceithre nó cúig mhíle euro sa tseachtain go dtí an t-am go mbogfaidís chuig an Premiership!).

Agus b’shin an deireadh. An t-aon rud eile a rinne mé ná teachtaireacht a chur chuig na clubanna ar fad ag iarraidh orthu, dá bhfaighidís teachtaireacht is DVD gan choinne ó Ruanda, go scríobhfaidís ar ais chucu seachas iad a fhágáil ag fanacht go deo!!

Agus má tá cloiste ag aon duine ansin faoi imreoirí nua ó Ruanda atá anois ag imirt in Éirinn, tá mo sheoladh ag bun an leathanaigh agus ba bhreá liom cloisteáil faoi!


DEAMHAIN


Dé Luain cúpla seachtain ó shin d’iarr mé ar Alexis, an chargé d’education, cén chineál deireadh seachtaine a bhí aige. Ní duine é a mharaíonn é féin leis an obair de ghnáth agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt sé gur chaith sé an Domhnach ar fad ag cruinniú i mbunscoil sa cheantar. Ar an Domhnach? Sa tír seo? Nuair a d’fhiafraigh mé de cén fáth, dúirt sé go raibh fadhbanna acu sa scoil le deamhain a bhí ag cur isteach ar chuid de na daltaí. Le cúpla seachtain d’éirigh go leor de na daltaí tinn gan chúis agus d’aontaigh na tuismitheoirí, na múinteoirí agus an chléir gur deamhain ba chúis leis. Ag an cruinniú bhí na múinteoirí, an chléir áitiúil agus na tuismitheoirí is daltaí de ranganna a ceathair, a cúig agus a sé agus chaith siad ceithre uair an chloig ag plé céard a dhéanfaidís faoi. Mar adúirt Alexis liom, rud coitianta go leor é seo ach, toisc na scrúdaithe a bheith gar dúinn cheap siad gurbh fhearr rud éigin a dhéanamh faoi go tapaidh. Áthas orm nach fúmsa a bhí sé an fhadhb sin a réiteach!




roheithir@gmail.com

Thursday, November 5, 2009

Agashingura cumu 4

NOLLAIG SHONA DAOIBH GO LÉIR Ó RUANDA!

Agus é sin raite, is ar éigean a thabharfá an Nollaig faoi deara anseo i Ruanda murach na heachtrannaigh a bheith á cheiliúradh. Tá rianta áirithe de le feiceáil – máisiúcháin ar díol sna siopaí ardnósacha i Kigali, fógraíocht speisialta ó na mórchomhlachtaí is a leithéidí ach, don ghnáthphobal is ar éigean a thugann said faoi deara é. Bíonn seirbhísí speisialta eaglasta ann, ar ndóigh, ach i dtír chomh cráifeach le Ruanda, is deacair an difríocht a aithint ó mhaidin Domhnaigh ar bith eile.

Dúinne eachtrannaigh anseo, is tráth den bhliain é a ghearrann amach muid níos mó ná riamh ó na daoine thart timpeall orainn. Toisc gur rud mór í an Nollaig do formhór na n-oibrithe deonacha anseo (i gcás m’eagraíochtsa VSO: Sasanaigh, Éireannagh, Gearmánaigh, Francaigh, Ollanaigh agus dornán ó Cheanada, na Stáit Aontaithe agus an Astráil) déanaimid iarracht lá mór (bhuel, seachtain chun na fírinne a rá) a dhéanamh as. I mbliana tá scata againn ag dul chuig Kibuye, baile beag álainn ar chósta Loch Kivu in iarthar Ruanda – táimid ag eagrú bronntanais, cineálacha éagsúla bia agus deoch speisialta (d’aimsigh mé siopa i Kigali inar féidir Jameson a cheannach ar €18.75 an buidéal!), agus ag cur iarratais isteach chuig ár bhfostóirí áitiúla le laethanta saoire a glacadh.

Nuair a rinné mise é sin, chuir sé iontas orthu. Dá mbeinn ag iarraidh dul abhaile go hÉirinn le mo chlann a fheiceáil, thuigfí dom ach cén fáth a dteastódh ó éinne dul ar saoire ag am mar sin ? Lá saoire eaglasta é dóibh siúd agus sin an méid agus – go teoiriciúil ar aon nós – beidh gach duine ag an obair an lá roimhe agus an lá ina dhiaidh (cé gur ar an Aoine a thiteann Lá Nollag i mbliana mar a tharlaíonn). Nuair a rinne mé cur síos ar an Nollaig sa bhaile, leis na maisiúcháin sráide, crainn is bronntanais, ól agus ithe, chuir sé iontas orthu. Ón méid a bhí ráite agamsa cheana leo, bhíodar den tuairim nár thír iontach cráifeach i Éire i gcomparáid le Ruanda ach ba léir nach raibh an ceart acu más chomh díograiseach sin a dhéanaimid breith Íosa Chríost a cheiliúradh!

WARASHATSE? KUBERA IKI?!

“An bhfuil tú pósta? Cén fáth nach bhfuil?!” Má tá ceist amháin thar aon cheist eile a chuirtear orainne oibrithe deonacha anseo, sin é é. Glactar leis anseo go bpósfaidh gach duine agus go mbeidh clann acu – tá an claonadh an oiread páistí agus is féidir a bheith agat ag maolú beagán, go háirithe don mheánaicme agus sna cathracha ach ní fheicim mórán tionchair faoin tuath d’fheachtas an rialtais gan níos mó ná triúr páiste a bheith ag aon chlann (tá ceathrar ag an Uachtarán féin ach b’shin sular fógraíodh an polasaí nua!).

Ó tháinig mé anseo d’iarr seachtar mná orm iad a phósadh, iad go léir dathúil, taitneamhach agus i bhfad níos óige ná mé (bhuel, ar ndóigh – bheadh sé deacair teacht ar bhean caoga bliain d’aois nó gar dó nach raibh pósta cheana féin). Luaigh go leor eile liom nach raibh siad pósta agus go raibh fear céile á lorg acu agus gur thuig siad nach raibh mise pósta – gach rud seachas é a rá amach go díreach (ba bhanaltra duine acu a bhí ag obair ar mo ghlúin in obrádlann in oispidéal i Kigali – nuair a d’iarr sí m’uimhir gutháin orm rith sé liom gan insint di ach bhí sceanóg mór ina láimh aici ag an am agus chinn mé gurbh fhearr géilleadh di).

Tá na mná pósta agus na fir an-bhuartha fúm. Ghlac na fir leis gur ag lorg céile a tháinig mé anseo agus ‘chabhraigh’ siad liom tríd an bhfocal a scaipeadh i bhfad i gcéin. An chéad cúpla seachtain a bhí mé anseo, ba mhór an t-ábhar mórtais dom an oiread sin cailíní dathúla a bhí ag cur spéise i bhfear meánaosta cosúil liom féin – go dtí gur thuig mé go díreach céard a bhí ar siúl!! Agus, ar ndóigh, tá fáthanna eacnamaíoch leis freisin. Má éiríonn leat muzungu (eachtrannach) a phósadh meastar go mbeidh tú féin is do chlann saibhir go deo.

Ach, i mo chás féin, anois go dtuigeann mo chairde anseo nach bhfuil sé i gceist agam géilleadh dá n-impí, cuireann sé isteach orthu go mór. Cara amháin, Antoine, tháinig sé chugam lá amháin, an-sollúnta, agus d’iarr orm go foirmeálta an raibh mé lánchinnte nach bpósfainn? Nuair a dúirt mé gur mar sin a bhí an scéal, chuir sé a lámh ar mo ghlúin agus dúirt: ‘Bazaguhambana ikara’- ‘Cuirfear le gualach tú’. Thóg sé tamall orm a oibriú amach cad ba chiall leis seo (níor thuigeas an t-aistriúchán Fraincise ar ikara - charbon de bois - ar dtús) agus tamall eile cén chiall atá taobh thiar den nath. Is cosúil, má fhaigheann fear bás anseo i Ruanda agus gan páistí ar bith aige, nuair a chuirtear isteach sa chónra é, cuirtear píosa mór gualach múchta lena thaobh mar shiombail go bhfuil deireadh tagtha lena shliocht. Úsáidtear an nath mar mhasla freisin in aghaidh fir nach bhfuil pósta, an cineál rud a déarfadh máthair lena mac nár léir aon deifir a bheith air bean a lorg (dhearbhaigh Antoine dom, ar ndóigh, nach mar mhasla a bhí sé i gceist aigesean!).

CAIRDE

Tar éis bliana agus píosa anseo tá go leor cairde nua déanta agam ach, chun na fírinne a rá, is eachtrannaigh chuile dhuine acu. Tá dlúthchara amháin agam ón sráidbhaile beag ina gcónaím – Enock an t-ainm atá air, múinteoir meánscoile – ach is ó dheisceart Uganda é ó dhúchas agus Béarla den scoth aige. Is ábhar cainte é seo go minic idir na hoibrithe deonacha anseo, go háirithe sinne atá anseo píosa anois agus a tháinig le haislingí an teanga a fhoghlaim go sciobtha, buanchairdis a chruthú leis na daoine áitiúla agus a bheith, i ndeireadh na dála, níos Ruandach ná na Ruandaigh féin. Braithimid cineál éigean ciontachta nach mar sin a tharla, faoi mar gurb orainn féin atá an locht ach, chun na fírinne a rá, tá cúlra agus cultúr agus nósanna an dá thaobh chomh difriúil sin nár chóir ionadh ar bith a bheith orainn.

Agus mé ag caint lá amháin le duine eile san oifig, d’iarr sé orm an raibh mórán cairde déanta agam ó tháinig mé. D’admhaigh mé nach raibh i ndáiríre agus gach uair a rinne mé iarracht, ba léir tar éis tamaill (tamall an-ghearr go minic) gurb ag lorg airgid nó rud éigin eile a bhí siad. Mhínigh seisean dom go bhfuil muintir an tsaoil roinnte i dtrí chuid – clann, cairde agus strainséirí. Níl rogha ar bith agat i dtaca le do chlann (agus áirítear raon leathan daoine mar ‘chlann’ anseo, ina measc daoine a rugadh ar an gcnoc céanna leat fiú mura bhfuil gaol fola agat leo) ach lorgaíonn tú cairde a bheidh úsáideach duit, daoine le airgead, daoine a bhfuil aithne acu ar daoine tábhachtacha a bheadh ábalta postanna nó scoláireachtaí nó a leithéidí a sholáthar, agus mar sin de. Ní hé sin le rá nach bhfuil daoine ann ar chor ar bith atá ‘cairdiúil’ mar a thuigfimisne an focal ach, mar a dúirt mo ‘chara’ ón oifig, thiocfadh sé deacair airsean a leithéid a shamhlú idir Ruandach agus muzungu .

Mar thoradh air sin, éiríonn tú an-amhrasach faoi dhaoine a deir leat gur mhaith leo a bheith mar chara agat nó teacht timpeall ar cuairt chugat. As na daoine ar fad a tháinig chuig mo theach i sráidbhaile Gisagara, ní raibh ach duine amháin acu nár thug le fios – go díreach nó go hindíreach – gurbh ag lorg rud éigin a tháinig sé. An toradh a bhíonn air seo ná go gcaitheann tú níos mó agus níos mó ama ag lorg comhluadar na n-eachtrannach eile, rud a ghearrann amach thú níos mó fós ón gcultúr áitiúil.

SCRÚDAITHE

Tá na scrúdaithe náisiúnta do Rang a Sé sna bunscoileanna díreach críochnaithe agus mé á scríobh seo gus chaith mé an trí lá ag taisteal timpeall mo cheantar le cigire ó MINEDUC (An Roinn Oideachais anseo) le cinntiú go raibh gach rud ceart. Ar bhealach amháin chuir sé iontas orm chomh heagraithe is chomh proifisiúnta agus a bhí gach rud agus, ag an am céanna, bhí sé ar cheann de na rudaí is mó a chuir dúlagar orm ó tháinig mé anseo. Ag tús na scoilbliana seo chinn an Rialtas iompú ar an mBéarla seachas an Fhraincis mar theanga cumarsáide agus múinteoireachta sna scoileanna. Tugadh an rogha do rang a sé na bliana seo na scrúdaithe a dhéanamh as Béarla nó Fraincis ach, ár ndóigh, le taispeáint go rabhadar ag tacú le polasaí an Rialtais, is as Béarla atá gach scoil agamsa á ndéanamh. Mar sin, tá ar pháistí a chaith cúig bliana ag déanamh a gcuid ábhair as Fraincis gach scrúdú a dhéanamh trí mheán an Bhéarla. Agus sin gan trácht ar an ndrochBhéarla inar scríobhadh na páipéirí scrúdaithe féin, an curaclam seanfhaiseanta atá go hiomlán mí-oiriúnach agus i bhfad rófada, an t-easpa múinteoirí a bhfuil aon Bhéarla acu (tá téacsleabhair i mBéarla anois ag formhór na scoileanna ach leisce ar na múinteoirí iad a úsáid sa rang ar fhaitíos go bhfeicfidh na daltaí chomh lag is atá a gcumas sa Bhéarla) agus liosta rudaí eile a líonfadh alt eile. Agus mé ag iarraidh cinneadh a dhéanamh cad air mo aire a dhíriú i dtosach tuigim d’Earcail agus é ag seasamh ag doras stáblaí Áigéis don chéad uair!

CEIST SAMPLACH: SCRÚDÚ NÁISIÚNTA RANG A SÉ - BÉARLA

Insert the correct form of the comparative or superlative in the following sentences using the verbs provided:
(i) Rwanda is …. Congo (peaceful)
(ii) Girls are …. boys (quarrelsome)

roheithir@gmail.com

Agashingura cumu 3

CÉN FÁTH A BHFUIL TÚ ANSEO?


Amuigh ag ól an oíche cheana le scata Ruandaigh sa sráidbhaile beag i ndeisceart Ruanda ina gcónaím, chuir duine acu ceist orm (mar is minic) cén sórt tíre í Éire agus cad iad na difríochtaí idir í is Ruanda. Dúírt mé gur tír i bhfad níos saibhre ná Ruanda í ar ndóigh, cé nách mar sin a bhí tráth ach, ainneoin sin is uile go raibh fadhbanna againn le daoine gan dídean, páistí ar na sráideanna agus éagrothromaíocht mór idir aicmí sóisialta. Bhí ciúnas ann ar dtús agus cheap mé go mb’fhéidir nár thuigeadar mé. Ansin d’iarr duine amháin ceist orm: páistí ar na sráideanna? Mar a fheicimid i mButare is Kigali? Sea, adúirt mise, díreach mar sin. Leis sin, phléasc gach duine acu amach ag gáire, gáire a lean tamall mhaith. Faoi dheireadh nuair a stopadar (agus mise ag éirí beagáinín teasaí chun na fírinne a rá) thréaslaíodar liom as scéál chomh greannmhar a insint agus é a insint chomh dáiríre sin. D’fhiafraíos díobh cén fáth nár chreideadar mé. Tar éis tuilleadh gáirí, d’aontaíodar go raibh dhá fáth ann thar aon rud eile: bhí fhios ag cách go raibh tíortha an iarthair dochreidte saibhir agus nach raibh easpa ar aon duine in aon tír acu. Agus mise a bheith i Ruanda an cruthúnas, mar cén cineál duine a d’fhágfadh a thír is a mhuintir féin agus iad faoi ghanntanas chun dul agus cabhrú le strainséirí in áit eile ar fad?


AIRGEAD


Uaireanta cuireann sé iontas orm anseo i Ruanda nach bhfuil an saol níos difriúla ón mbaile ná mar atá sé ach tá a lán rudaí anseo atá an-difriúil go deo. Rud mór amháin a bhfuilim ag iarraidh dul i dtaithí air anseo ná an dearcadh i leith rudaí a roinnt, go háirithe airgead. Tá muintir Ruanda an-flaithiúil le sealbhas is airgead ach ní roinnfidh siad eolas leat mura gcuirtear iachall orthu. Feiceann siad muintir an iarthair mar a mhalairt – táimid i gcónaí réidh le eolas is scileanna is a leithéidí a roinnt ach coinnímid ár gcuid airgid is sealbhas pearsanta chugainn féin.

Anseo, má iarrann duine éigin rud éigin uait, is beag nach go gcaithfidh tú é a thabhairt dóibh. Tá an cinneadh déanta acusan go bhfuil an gá atá acu le cibé rud atá i gceist níos mó ná an gá atá agatsa é a chonneáil. Ar ndóigh, tuigtear (go pointe áirithe) nach bhfeidhmíonn daoine cosúil liomsa ar an mbonn céanna ach tarlaíonn sé dúinn ar fad anseo ó am go ham go n-iarrtar orainn – go díreach nó go hindíreach – airgead nó éadaí nó leabhair nó rud éigin mar sin a thabhairt. Ciallaíonn sé, freisin, nach bhfuil a leithéid de rud ann i ndáiríre agus airgead a thabhairt ar iasacht. Má dhéanann tú sin, is faoin duine a fuair an t-airgead atá sé an cinneadh a dhéanamh cathain é a thabhairt ar ais. Déanfar sin nuair atá an gá atá agatsa leis an airgead níos láidre ná gá an té ar thug tú dó nó di é.

Míníonn sé seo rud amháin a chuir iontas orm nuair a chonaic mé é an chéad uair. Lá amháin nuair a bhí mé ag an margadh chonaic mé daoine ag ceannach rís. Sé chéad franc a bhí ar mhála beag 500g, trí mhíle franc ar cheann 5kg ach b’iad na málaí beaga amháin a bhí á gceannach ag daoine, cé gur léir ón airgead a tharraing siad amach go raibh dóthain acu ceann mór a cheannach agus airgead a shábháil. Ach, dá ndéanfaidís amhlaidh, d’fhéadfadh duine ar bith (go háirithe duine dá gclann) teacht chucu agus cuid den rís ‘breise’ seo a iarraidh orthu, ar an mbonn go raibh níos mó acu ag an pointe áirithe sin ná mar a bhí ag teastáil. Mar sin, ceannaíonn tú dóthain don lá sin amháin, nó b’fhéidir an lá dár gcionn.

Baineann an rud céanna le airgead a shábháil. Bheadh sé gan chiall ar fad airgead a shábháil go rialta nuair a d’fhéadfadh duine ar bith sa chlann teacht agus é a iarraidh le haghaidh táillí scoile, chun íoc as bainis, fiacha a ghlanadh nó iliomad rudaí eile. Agus má tharlaíonn sé go bhfaigheann tú suim mór airgid ar fáth éigin, caithfidh tú é a chaitheamh go tapaidh sula gcloiseann daoine faoi, fiú más ar rud éigin áiféiseach atá sé. Ar a laghad is agat féin a bheidh an rud seachas duine éigin eile.

BEOIR AN MHÚINTEORA


An deoch is saoire ar fad anseo ná urwagwa – nó urwarimu (‘beoir na múinteoirí’, imeartas focal ar umwarimu, an focal ar ‘mhúinteoir’) mar a thugtar air go coitianta mar leasainm. Déantar é as grán sorgaim nó bananaí, dhá bharr a fhásann go forleathan sa cheantar agus a ndéantar beoir nó leite astu. Tá páigh an mhúinteora anseo chomh dona sin nach féidir leo gnáthbheoir a cheannach – chosnódh buidéal amháin den bheoir is saoire – Primus – an chuid is mó de pháigh lae. Mar sin, is í an bheoir saor seo an t-aon rud ar féidir le go leor acu ceannach.

Tá an t-ainm seo in úsáid gach áit sa tír, rud a léiríonn go bhfuil an dearcadh céanna ann i leith múinteoirí gach áit a théann tú (bhuel, múinteoirí bunscoile ar a laghad – tá na cáilíochtaí atá ag teastáil do mhúinteoirí meánscoile agus an páigh a théann leis i bhfad níos airde). Agus tá fáth leis – tá an páigh a fhaigheann siad scannallach agus a gcuid cáilíochtaí an-íseal go deo. Le bheith i do mhúinteoir bunscoile, ní gá ach oideachas a thógáil mar ábhar don Ardteist. Má éiríonn leat sa scrúdú, sin é. Ansin, is féidir leat post a ghlacadh i mbunscoil le caoga páiste i ngach rang, le dhá rang difriúil le múineadh maidin is tráthnóna, lá scoile a thosaíonn ag a seacht ar maidin agus a chríochnaíonn ag a cúig tráthnóna agus ranganna éigeantacha Béarla tar éis scoile, ag an deireadh seachtaine agus i rith na laethanta saoire.

Ní haon ionadh, mar sin, nuair a iarrann tú ar mhúinteoirí bunscoile anseo an rud is mó atá ag teastáil uathu, go ndeir siad ‘post éigin eile’.


NIMH


Cúpla seachtain tar éis dom teacht go Ruanda, bhíos ag ól i dteach tabhairne beag i Kigali nuair a bhí orm cuairt a thabhairt ar theach an asail. Nuair a d’fhill me ar mo bhord, bhí mo ghloine agus an buidéal (a bhí fós leathlán) imithe. Nuair a d’fhiafraigh mé den chailín freastail, dúirt sí gur chaith sí amach iad toisc gur fhág mé ar an mbord iad agus go raibh fhios aici nach n-ólfainn deoch a bhí fágtha ina aonar. Ag an bpointe seo theip ar an méid Fraincise a bhí agamsa agus aicise dul níos faide isteach sa scéal ach chuireas ceist ar chara eile an lá dar gcionn. ‘Ar ndóigh’ ar seisean, ‘má fhágann tú bia nó deoch mar sin, cuirfidh duine éigin nimh isteach agus sin deireadh leat.’

Cheap mé gur ag magadh a bhí sé ach is fíor é – tá traidisiún iontach láidir anseo fáil réidh le do namhaide trí nimh a thabairt dóibh agus, mar sin, ní fhágann aon duine bia nó deoch ag am ar bith. Téann tú chuig an leithreas nuair atá deoch críochnaithe agat agus ansin ordaíonn tú an ceann nua, fiú más i measc cairde is clann a bhíonn tú. Mar sin, a luaithe a fheiceann lucht freastail mias nó gloine agus gan aon duine in éineacht leis, glantar é go scioptha. Go traidisúnta (agus nós a fheicim fós i mo cheantar féin), nuair atá grúpa amuigh ag ól, ceannaítear buidéal amháin beorach ag an am agus téann sé timpeall an chiorcail agus chuile duine ag ól as go dtí go bhfuil sé críochnaithe agus ansin tosaítear ar bhuidéal eile. Bealach an-mhaith le frídíní a roinnt ach ar a laghad ní féidir deoch nimhe a thabhairt duit!


DEARE SUL LÉIMIR
Anois is arís tagann tú ar rudaí sna téacsleabhair is páipéirí scrúdaithe is a leithéid a léiríonn duit cé chomh difriúil is a bhreathnaítear ar rudaí áirithe anseo. Breathnaigh ar an gceist seo ó pháipéar scrúdaithe Béarla. Iarradh ar na daltaí cé acu de na suíomhanna seo a leanas a bheadh feiliúnach don nath Béarla ‘Look before you leap’:

a) Ag tabhairt rabhadh do dhuine éigin faoi na dainséirí atá rompu
b) Nuair atá rí-rá sa chlós scoile
c) Chun cur in iúl go bhfuil tú ar tí léim
d) Ag caint le duine dall cois abhann.


roheithir@gmail.com

Agashingura cumu 2

CEARTA DAONNA

Agus Ruanda faoi lán seoil ar a bealach isteach i ndomhan an Bhéarla agus gach a bhaineann leis, is é an ceangal láidir atá ag fás idir í agus an Bhreatain an lúb lárnach ina polasaí eachtrach faoi láthair. Chuir Ruanda iarratas isteach bheith ina ball den Chomhlathas Briotánach, bunaithe ar an gceangal atá idir Ruanda agus tíortha eile an East African Community a bhíodh in Impireacht na Breataine – Uganda, An Céinia agus an Tansáin – agus go dtí le déanaí bhí an cuma ar an scéal go nglacfaí léi mar bhall go scioptha gan aon achrann.

Mar sin, ba dhrochbhuille don Rialtas anseo é nuair a d’fhoilsigh éagraíocht neamhrialtasach neamhspleach, an Commonwealth Human Rights Initiative (CHRI ), tuarascáil ar chearta daonna anseo i Ruanda, ag moladh nár chóir ballraíocht a bhronnadh ar Ruanda i ngeall ar an ndrochstaid, dar leo, ina bhfuil gnéithe éagsúla de chearta daonna sa tír. I measc na ngnéithe ar leagadh béim orthu bhí ionradh mhíleata Ruanda i bPoblacht Dhaonlathach an Chongo (nó ‘ionraí’ ba chirte a rá), an ciapadh a dhéantar ar iriseoirí neamhspleácha agus cumhacht an rialtas thar na meáin cumarsáide, dlithe atá in ainm is a bheith in aghaidh idéolaíocht na cinedhíothaithe ach a úsáidtear chun cosc a chur le páirtithe polaitíochta nó daoine aonair a chaitheamh isteach i bpríosún agus na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras traidisiúnta dlí, na cúirteanna gacaca.

Anois, i measc na n-eachtrannach a cónaíonn anseo, is rudaí iad cearta daonna agus saoirse cainte go mbímid ag caint futhu go minic eadrainn féin (i nglór iséal agus tar éis cinntiú nach bhfuiltear ag éisteacht linn, caithfear a rá). Níl aon dabht ach go bhfuil éacht déanta ag an tír seo le cúig bliana déag anuas tar éis cinedhíothú 1994 inar maraíodh os cionn de 10% de dhaonra na tíre laistigh de céad lá agus b’fhéidir níos mó ná milliún ar fad sa bhforéigean ghinearálta. Inniu, tá Ruanda ar cheann de na tíortha is cobhsaí agus is sábháilte san Afraic; dul chun cinn mórthaibhseach déanta sa chomhrac in aghaidh VID/SEIF is maláire, aththógáil iomlán déanta ar an gcóras riaracháin, sláinte is oideachais, fás iontach ar infheistiú eachtrach ... liosta fada mórghníomhartha agus caithfear a admháil go bhfuil Kagame féin taobh thiar de go leor de.

Chomh maith leis sin, deirtear go minic nach féidir na rialacha céanna a chur i bhfeidhm ar thír atá fós ag teacht chuici féin tar éis tráma náisiúnta den chineál seo agus a chuirtear i bhfeidhm ar thíortha eile. Déantar comparáid idir an staid i Ruanda agus go leor de thíortha eile na hAfraice ina bhfuil cúrsaí i bhfad Éirinn níos measa (agus cuid de thíortha eile an Chomhlathais Bhriotánach ina measc, dar an slí). Leagtar béim ar an troid in aghaidh breabaireachta is caimiléireachta anseo a chiallaíonn gur rud eisceachtúil é anseo (móréacht a bhíonn mo chairde ón gCéinia is Uganda i gcónaí ag déanamh iontais de).

Agus, chun na fírinne a rá, ní easaontóinn le rud ar bith atá ráite ansin. Ach .. ach ... ag an am céanna éirím míshocair nuair a fheicim is a chloisim Ruanda á chur chun tosaigh mar chineál éigin eiseamláire den daonlathas agus den dul chun cinn polaitiúil. Ní gá ach breathnú ar shuíomh idirlín ceann ar bith de na heagraíochtaí cearta daonna leis an bhfianaise a fheiceáil. Cás amháin (agus cuirfidh sé iontas orm má tá cloiste ag aon duine agaibh faoin gcás seo) ná dochtúir darb ainm Theoneste Niyitegeka. Sa bhliain 2003 rinne sé iarracht seasamh in aghaidh Paul Kagame sa toghachán uachtaránachta ach níor éirigh leis an 600 síniú a fháil a bhí ag teastáil (nó sin a leithscéal a bhí ag an gCoimisiún Toghcháin gan ligean dó seasamh). Bhí cáil ar Niyitegeka i ngeall ar an uimhir mhór Tutsi ar chabhraigh sé leo i 1994 ag a ospidéal ach sa bhliain 2007 cuireadh ina leith gur thiomáin sé íobartach amháin amach ón ospidéal agus gur mharaigh an Interahamwe é. Ach dúirt cúirt an gacaca nach raibh sé ciontach nuair a tugadh chun trialach é i nDeireadh Fómhair 2007. Ar a bhealach amach as an gcúirt gabhadh arís é agus nuair a tugadh os cionn cúirt níos airde é i Feabhra 2008 cuireadh an breithiúnas ar ceal gan éisteacht ar bith agus ciontaíodh é gan fáth ar bith a thabhairt leis an gcinneadh nua.

Níl ansin ach sampla amháin agus toisc go leor bheith scríofa faoi go hidirnáisiúnta bhí mé ábalta teacht ar an eolas go héasca. Ach is deacair eolas mar seo a fháil go háitiúil i ngeall ar fhaitíos a bheith ar dhaoine labhairt go hoscailte. Tá na dlithe in aghaidh ideolaíocht na cinedhíothaithe (Alt 4 de Dhlí 33b/2003 de Shamhain 2003) chomh láidir (agus leathan) sin gur féidir a rá go bhfuil aon chaitheamh anuas ar an rialtas is a pholasaithe nó an tUachtarán féin in aghaidh an dlí seo – idir deich is fiche bliain sa bpríosún atá mar phíonós. Ach tá fhios ag cách gur bhrainsí den RPF (an phríomhpháirtí polaitíochta) iad páirtithe an fhreasúra agus iarchomhghleacaithe de Kagame i gceannas orthu. Agus mé ag caint le múinteoir meánscoile le déanaí, luaigh sé (gan aon rud mór a dhéanamh de) gur baineadh RWF2,000 (timpeall €3) as tuarastal gach múinteoir sa tír roimh an toghachán deireannach le cur isteach i gciste toghchánaíochta an RPF agus gur eagraíodh slógaí ar son an RPF san meánscoileanna.

Mar sin tá an cheist fós á phlé againn anseo. Feicimid agus molaimid an dul chun cinn, an fás eacnamaíochta, an slándáil, an infheistiú i gcúrsai slainte is oideachas, an titim tubaisteach sa ráta VID/SEIF is maláire. Anois is arís gabhaimid buíochas le cibé neach a ghlactar buíochas leis gur anseo i Ruanda atáimid ag obair seachas go leor de na tíortha eile san Afraic ina bhfuil ár gcairde. Ach, nuair a chloisimid Tony Blair nó a leithéidí ag canadh iomann molta do Kagame, nuair a iarraimid sa teach tábhairne áitiúil cá bhfuil duine dár gcairde agus ní féidir linn freagra a fháil ach ciúnas faiteach, nuair a bhaintear Seirbhís Domhanda an BBC den aer toisc go n-easaontaíonn an rialtas le rudaí a craoladh air, nuair a chuirtear fios ar gach iriseoir sa tír teacht chuig cruinnithe dhá lá leis an uachtarán le go míneoidh sé dóibh céard is ciall le bheith i d’iriseoir ‘ceart’ ... bhuel, b’fhéidir go bhféadfaí a rá go bhfuil an giúiré fós ag iarraidh teacht ar bhreithiúnas.

AINMNEACHA
Agus Ruanda tar éis cúl a thabhairt leis an bhFraincis agus aghaidh a thabhairt ar an mBéarla, tá fadhbanna ag teacht chun solais nach rabhthas ag súil leo. Ceann amháin ná ainmneacha daoine. Anseo tá dhá ainm ag gach duine, ceann Ruandach agus ceann Francach (agus ní ainm clainne aon cheann acu – roghnaítear dhá ainm do gach páiste agus ní bheadh aon ainm mar an gcéanna ag deartháireacha is deirfiúracha). Tá chuile dhuine chomh fiáin sin ag iarraidh dul i muinín an Bhéarla go bhfuil siad ag athrú a n-ainmneacha ón bhfoirm Francach. Do roinnt do mo chairde, níl aon fhadhb mhór ann – Jack in áit Jacques, Jane nó Jean in áit Jeanne, Irene in áit Irène, Anthony in áit Antoine (glaoimse ‘Tony’ air) agus mar sin de.

Ach, ó tharla gur tír an-chráifeach í Ruanda, léirítear seo sna hainmneacha. An mbeadh aon tuairim agaibh amuigh ansin cén Béarla ar féidir linn a chur ar mo chairde Jean de la Croix, Dieudonné, Déo Gratias, Protogène, Ildephonse, Médiatrice, Jean de Dieu, Illuminée agus Primitive?

LACÁISTE DO MHIC LÉINN
Scéal barúil ó ait eile ar domhain. Duine eile d’oibrithe dheonacha VSO atá ag obair liom anseo, bhí sé ar saoire le cairde i Neipeal blianta ó shin nuair a bhí feachtas na dtreallchogaithe Maoch fós faoi lán seoil. Agus iad ag dreapadh leo, casadh buíon de na treallchogaithe orthu agus dúradh leo go mbeadh ar chuile dhuine acu ‘táille’ a íoc as ucht bheith ina limistéir. Tharraing mo chara amach a chárta mic léinn ón ISIC agus d’aontaigh na treallchogaithe lacáiste 50% a thabhairt dó! Ná fág an baile gan é!!

YOU ARE WHAT YOU DRINK
Tá sé fíorthábhachtach anseo cén deoch a roghnaíonn tú le hól go poiblí. I gcás na bhfear is é Primus an beoir is saoire agus Mützig nó Amstel rogha iad siúd a dteastaíonn uathu a léiriú go bhfuil airgead acu (sampla maith den dainséar a bhaineann le fógraíocht: is é an comhlacht céanna a dhéanann Primus is Mutzig. Is é mana nua Mützig ná ‘La goûte de la réussite/the taste of success’ agus tá titim tubaisteach tagtha ar dhíolachán Primus dá bharr – ‘loser’s beer’ mar a thugann mo chairde anseo air). Tá Heineken chomh costasach sin nach n-ólann ach na super-nouveau riche é, mic léinn don chuid is mó agus i gcónaí in áit ar féidir le gach duine iad a fheiceáil.

I gcás na mban, tá rudaí níos simplí. Is fíorannamh a fhecifidh tú bean ag ól alcóil go poiblí. Má tá sí ina haonar i dteach tábhairne agus buidéal beorach aici, is stríopach í (sin an bealach lena fhógairt). Má ólann cailín oráiste nó uisce, is cailín ‘deas’ í. Má ólann sí cóc, bheadh amhras ort. Agus más liomanáid atá aici, sraoilleog ceart atá inti!

roheithir@gmail.com

Agashingura cumu 1

AGASHINGURA CUMU 1

AGASHINGURA CUMU
Ó shroich mé Ruanda i mí Meán Fómhair seo caite táim ag déanamh iarrachta an teanga áitiúil, Ruandais, a fhoghlaim ach caithfidh mé a admháil gur snámh in aghaidh easa atá ann don chuid is mó – ní chabhraíonn sé gur i bhFraincis atá formhór mo chuid oibre agus go bhfuilim ag iarraidh feabhas a chur uirthi sin ag an am céanna! Ach tá roinnt nathanna tábhachtacha foghlamtha agam – inzoga (beoir), Urafata indi? (an mbeidh ceann eile agat?), Ndashaka Mützig inini ikongi (tá Mützig mór fuar ag teastáil uaim) agus agashingura cumu (deoch an dorais).

Ach is spéisiúla i bhfad é an nath agashingura cumu ná ‘deoch an dorais’ nó ‘one for the road’. Ciallaíonn cumu sleá (fuaimnítear an ‘c’ mar a bheadh ‘-tch’ sa Bhéarla). Sa tseanaimsir ní raibh cead ach ag fir fásta alcól a ól (rud nach bhfuil mórán athrú tagtha air ó shin) agus d’iompraigh gach fear sleá mar chomhartha a stádais. Nuair a bhailíodh fir le chéile ag bothán duine dá gcuid le dreas óil a dhéanamh, sádh gach duine acu a shleá isteach sa talamh taobh amuigh den doras roimh dul isteach dó.

Ag druidim le deireadh na hoíche, ba é an nós go ndéarfadh duine éigin gurbh fhéidir go raibh sé in am dul abhaile. Ansin, d’fhreagródh fear an tí go mbeadh agashingura cumu acu, an deoch a thugann an fuinneamh duit do shleá a tharraingt as an talamh. Nach deas sin!

BÉARLA ÉIGEANTACH
NUACHT PHRÁINNEACH!!: D’fhógair an tAire Oideachais, Batt O’Keeffe, inniu gurb í an Fhraincis a bheidh mar theanga teagaisc i mbunscoileanna na hÉireann as seo amach. Nuair a osclaíonn na bunscoileanna i mí Meán Fómhair beidh ar mhúinteoirí gach ábhar (seachas Gaeilge) a mhúineadh trí mheán na Fraincise. I gcás an Bhéarla, bainfear é den churaclam ar fad. I gcás na meánscoileanna, ag tosú i 2011 is i bhFraincis amháin a bheidh scrúdaithe uilig an Teastas Sóisearaigh is na hArdteistiméireachta....

An bhféadfá a leithéid de rud ag tarlú in Éirinn a shamhlú agus an raic a leanfadh dá ndéanfaí amhlaidh? Ach sin ata ag tarlú anseo i Ruanda faoi láthair. B’iad Fraincis agus Ruandais an dá theanga oifigiúil go dtí le déanaí ach, leis na deacrachtaí polaitiúla a d’éirigh idir Ruanda agus an Fhrainc i ndiaidh cinedhíothú 1994, tá droim láimhe tugtha ag an Rialtas anseo do gach rud a bhaineann leis an bhFrainc is lena teanga. Chomh maith le sin, tá Ruanda is an Bhurúin anois ina mbaill de Chomhphobal Oirthear na hAfraice agus is é an Béarla teanga na dtíortha eile atá ann cheana féin (an Chéinia, an Tansáin agus Uganda) agus iad ina n-iarbhaill d’Impireacht na Breataine chomh maith.

Mar sin, le blianta beaga anuas, tá fás mór tagtha ar imirt cruciéid is rugbaí, osclaíodh oifigí nua an British Council i Kigali agus chuir Ruanda iarratas isteach bheith ina bhall den Chomhlathas Briotánach, cé nach raibh sí riamh ina chóilíneacht acu (meastar go nglacfar leis an iarratas freisin, in am do Chomhdháil Phríomh-Airí an Chomhlathais i mí na Samhna na bliana seo).

Ach, ainneoin na gcomharthaí seo, is deacair cur síos ná insint scéil a dhéanamh ar an ngeit a baineadh asainn ar fad (go háirithe sinne atá ag plé le cúrsaí oideachais anseo) nuair a d’fhógair an Rialtas ag deireadh mí na Samhna seo caite gurb é an Béarla, seachas Fraincis, a bheadh mar theanga teagaisc nuair a thosódh an scoilbhliain nua i mí Eanair. Go dtí seo ba i bhFraincis nó Ruandais a mhúintí gach ábhar (seachas an Béarla féin ar ndóigh) agus is i bhFraincis (agus uaireanta Ruandais) a bhí na téacsleabhair – iad siúd a raibh téacsleabhair acu.

Anois, níl mo chuid Fraincise thar moladh beirte ach tá sí níos fearr ná Fraincis formhór na múinteoirí bunscoile a casadh orm go dtí seo. Ach is geall le Francois Mitterand iad ó thaobh na Fraincise de i gcomparáid lena gcuid Béarla. Fiú na múinteoirí a fostaíodh mar mhúinteoirí Béarla, níor casadh ach duine amháin orm as fiche a bhí in ann comhrá de chineál ar bith a dhéanamh as Béarla. Agus níl an chuid eile i ngiorracht scread gabhair (níl asal ar bith anseo) de bheith ullamh le tosú ag múineadh trí Bhéarla.

Ach, níos iontaí fós, is ar éigean a chuala mé oiread is gearán amháin faoi! Fiú na múinteoirí a fostaíodh mar mhúinteoirí Fraincise agus atá anois ag iarraidh postanna nua a chruthú dóibh féin mar mhúinteoirí Matamaitice nó Eolaíochta nó ... rud éigin, d’aontaigh siad ar fad go mbeadh sé deacair ach gur rud é ar gá é a dhéanamh agus go rabhadar réidh le tabhairt faoin dúshlán. Tá siad ar fad anois ag fanacht siar ar feadh uair an chloig tar éis na scoile gach lá le ranganna Béarla a dhéanamh, ag teacht chuig ranganna Dé Sathairn ... agus ag íoc as cuid den chostas iad féin (faigheann múinteoir bunscoile níos lú ná €40 in aghaidh na míosa). Beidh tuilleadh faoi seo ...

MAORLATHAS AGUS PÁIPÉARACHAS
Má tá rian amháin a d’fhág na Beilgigh is na Francaigh ar an tír seo seachas a dteanga (don fhad a mhairfidh sé sin), feictear é sna rialacha áiféiseacha a bhaineann le gach rud anseo. Sampla beag amháin: is rud iontach tábhachtach anseo é an cachet nó stampa oifigiúil a chuirtear ar gach foirm, gach doicméad, gach rud. Thugas cuairt ar scoil i mo cheantar mar chigire agus thug mé faoi deara carn mór téacsleabhair nua i mBéarla sa stóras agus ba léir nár leag páiste ar bith lámh orthu go dti seo. Nuair a d’fhiafraigh mé cén fáth, mhínigh siad nach raibh stampa curtha orthu fós le taispeáint gur leis an scoil iad agus, go dtí go ndéanfaí amhlaidh, ní fhéadfaí ligean do na páistí lámh a leagan orthu. Ní raibh stampa curtha orthu mar gur cuireadh bliain breise leis an scoil (an chéad bhliain meánscoile), rud a chiallaigh go gcaithfí ainm nó teideal na scoile a athrú (ó École Primaire go Groupe Scolaire nó cibé focal Béarla a roghnófaí). Ach ní fhéadfadh na húdaráis aontú céard ba chóir a thabhairt ar an scoil. Go dtí go dtiocfaidís ar chinneadh, ní fhéadfaí iarratas a chur isteach ar an airgead le stampa nua a fháil lena bhféádfaí stampa a chur ar na leabhair agus iad a úsáid sa seomra ranga. Dúirt an príomhoide go raibh súil aici a bheith in ann an fhoirm a líonadh isteach le cead a lorg an t-airgead a lorg chun an stampa nua a ordú i mí Lúnasa....

RUANDAIS FAOI MHÍCHUMAS
Níl Ruandais ar an teanga is éasca ar domhain le foghlaim. Ach is teanga an-spéisiúil í ag an am céanna. Mar shampla, athraíonn tús na bhfocal seachas an deireadh: umugabo fear, abagabo fir; umugore bean, abagore mná. Tosaíonn na focail ar fad do dhaoine le umu- : umutagitifu naomh, umubeshyi bréagadóir, umuntu duine agus mar sin de. Tá eisceacht amháin ann – ikiragi nó duine faoi mhíchumas, an focal céanna agus a úsáidtear d’úirlis bhriste.

CÚRSAÍ FAISIN
Má thug tú riamh seanéadaí nach raibh uait a thuilleadh do charthanacht ar bith, seans mhaith gur anseo nó áit éigin mar seo atá siad anois. Ceann de na caithimh aimsire is fearr linne anseo ná breathnú amach do na t-léinteacha áiféiseacha a fheiceann tú i ngach áit, go háirithe nuair is léir nach dtuigeann daoine céard atá scríofa air. An ceann is fearr a chonaic mé féin go dtí seo ná i Kigali Domhnach amhain. Fear a bhí ar a bhealach chuig nó abhaile ón séipéal a bhí ann agus ba léir go raibh mana mór scríofa ar an léine ach ní fhéadfainn a dhéanamh amach céard a bhí ann toisc an bíobla mór a bhí á iompar aige. Faoi dheireadh thiar thall bhog sé an bíobla agus chonaic mé an mana – SUCK MY D*CK! Meas tú cé aige nó aici a bheidh sé de dhánaíocht insint dó céard is brí leis........

SORRY SORRY
Rian amháin den Bhéarla atá ann cheana féin ná an nath ‘Sorry sorry’ (caithfear é a rá faoi dhó faoi mar b’fhocal amháin a bheadh ann). Nath é a chuireann mearbhall ar chuairteoirí anseo go dtí go dtéann siad i dtaithí air. Ní mar leithscéal a bhaintear úsáid as ach mar leagan cainte le comhbhrón a dhéanamh. Má ligeann tú do rud éigin titim nó má bhuaileann tú do chos in aghaidh cloiche nó má bhaineann corrmhíol alp asat, cloisfidh tú mar a bheadh cór timpeall ort agus ‘sorry sorry’ á chanadh acu. I mí Aibreáin thiteas isteach i bpoll sa dorchadas i Kigali agus b’éigean dom leas a bhaint as bata siúil go ceann tamall. Ar mo bhealach chuig an obair gach maidin chloisfeá na scórtha ag béiceadh ‘sorry sorry’ liom ó na páirceanna máguird, amhail is gur chomhcheilg mór a bhí eatarthu mé a mhealladh isteach sa bpoll ach go raibh aiféala orthu anois ...