Thursday, November 5, 2009

Agashingura cumu 1

AGASHINGURA CUMU 1

AGASHINGURA CUMU
Ó shroich mé Ruanda i mí Meán Fómhair seo caite táim ag déanamh iarrachta an teanga áitiúil, Ruandais, a fhoghlaim ach caithfidh mé a admháil gur snámh in aghaidh easa atá ann don chuid is mó – ní chabhraíonn sé gur i bhFraincis atá formhór mo chuid oibre agus go bhfuilim ag iarraidh feabhas a chur uirthi sin ag an am céanna! Ach tá roinnt nathanna tábhachtacha foghlamtha agam – inzoga (beoir), Urafata indi? (an mbeidh ceann eile agat?), Ndashaka Mützig inini ikongi (tá Mützig mór fuar ag teastáil uaim) agus agashingura cumu (deoch an dorais).

Ach is spéisiúla i bhfad é an nath agashingura cumu ná ‘deoch an dorais’ nó ‘one for the road’. Ciallaíonn cumu sleá (fuaimnítear an ‘c’ mar a bheadh ‘-tch’ sa Bhéarla). Sa tseanaimsir ní raibh cead ach ag fir fásta alcól a ól (rud nach bhfuil mórán athrú tagtha air ó shin) agus d’iompraigh gach fear sleá mar chomhartha a stádais. Nuair a bhailíodh fir le chéile ag bothán duine dá gcuid le dreas óil a dhéanamh, sádh gach duine acu a shleá isteach sa talamh taobh amuigh den doras roimh dul isteach dó.

Ag druidim le deireadh na hoíche, ba é an nós go ndéarfadh duine éigin gurbh fhéidir go raibh sé in am dul abhaile. Ansin, d’fhreagródh fear an tí go mbeadh agashingura cumu acu, an deoch a thugann an fuinneamh duit do shleá a tharraingt as an talamh. Nach deas sin!

BÉARLA ÉIGEANTACH
NUACHT PHRÁINNEACH!!: D’fhógair an tAire Oideachais, Batt O’Keeffe, inniu gurb í an Fhraincis a bheidh mar theanga teagaisc i mbunscoileanna na hÉireann as seo amach. Nuair a osclaíonn na bunscoileanna i mí Meán Fómhair beidh ar mhúinteoirí gach ábhar (seachas Gaeilge) a mhúineadh trí mheán na Fraincise. I gcás an Bhéarla, bainfear é den churaclam ar fad. I gcás na meánscoileanna, ag tosú i 2011 is i bhFraincis amháin a bheidh scrúdaithe uilig an Teastas Sóisearaigh is na hArdteistiméireachta....

An bhféadfá a leithéid de rud ag tarlú in Éirinn a shamhlú agus an raic a leanfadh dá ndéanfaí amhlaidh? Ach sin ata ag tarlú anseo i Ruanda faoi láthair. B’iad Fraincis agus Ruandais an dá theanga oifigiúil go dtí le déanaí ach, leis na deacrachtaí polaitiúla a d’éirigh idir Ruanda agus an Fhrainc i ndiaidh cinedhíothú 1994, tá droim láimhe tugtha ag an Rialtas anseo do gach rud a bhaineann leis an bhFrainc is lena teanga. Chomh maith le sin, tá Ruanda is an Bhurúin anois ina mbaill de Chomhphobal Oirthear na hAfraice agus is é an Béarla teanga na dtíortha eile atá ann cheana féin (an Chéinia, an Tansáin agus Uganda) agus iad ina n-iarbhaill d’Impireacht na Breataine chomh maith.

Mar sin, le blianta beaga anuas, tá fás mór tagtha ar imirt cruciéid is rugbaí, osclaíodh oifigí nua an British Council i Kigali agus chuir Ruanda iarratas isteach bheith ina bhall den Chomhlathas Briotánach, cé nach raibh sí riamh ina chóilíneacht acu (meastar go nglacfar leis an iarratas freisin, in am do Chomhdháil Phríomh-Airí an Chomhlathais i mí na Samhna na bliana seo).

Ach, ainneoin na gcomharthaí seo, is deacair cur síos ná insint scéil a dhéanamh ar an ngeit a baineadh asainn ar fad (go háirithe sinne atá ag plé le cúrsaí oideachais anseo) nuair a d’fhógair an Rialtas ag deireadh mí na Samhna seo caite gurb é an Béarla, seachas Fraincis, a bheadh mar theanga teagaisc nuair a thosódh an scoilbhliain nua i mí Eanair. Go dtí seo ba i bhFraincis nó Ruandais a mhúintí gach ábhar (seachas an Béarla féin ar ndóigh) agus is i bhFraincis (agus uaireanta Ruandais) a bhí na téacsleabhair – iad siúd a raibh téacsleabhair acu.

Anois, níl mo chuid Fraincise thar moladh beirte ach tá sí níos fearr ná Fraincis formhór na múinteoirí bunscoile a casadh orm go dtí seo. Ach is geall le Francois Mitterand iad ó thaobh na Fraincise de i gcomparáid lena gcuid Béarla. Fiú na múinteoirí a fostaíodh mar mhúinteoirí Béarla, níor casadh ach duine amháin orm as fiche a bhí in ann comhrá de chineál ar bith a dhéanamh as Béarla. Agus níl an chuid eile i ngiorracht scread gabhair (níl asal ar bith anseo) de bheith ullamh le tosú ag múineadh trí Bhéarla.

Ach, níos iontaí fós, is ar éigean a chuala mé oiread is gearán amháin faoi! Fiú na múinteoirí a fostaíodh mar mhúinteoirí Fraincise agus atá anois ag iarraidh postanna nua a chruthú dóibh féin mar mhúinteoirí Matamaitice nó Eolaíochta nó ... rud éigin, d’aontaigh siad ar fad go mbeadh sé deacair ach gur rud é ar gá é a dhéanamh agus go rabhadar réidh le tabhairt faoin dúshlán. Tá siad ar fad anois ag fanacht siar ar feadh uair an chloig tar éis na scoile gach lá le ranganna Béarla a dhéanamh, ag teacht chuig ranganna Dé Sathairn ... agus ag íoc as cuid den chostas iad féin (faigheann múinteoir bunscoile níos lú ná €40 in aghaidh na míosa). Beidh tuilleadh faoi seo ...

MAORLATHAS AGUS PÁIPÉARACHAS
Má tá rian amháin a d’fhág na Beilgigh is na Francaigh ar an tír seo seachas a dteanga (don fhad a mhairfidh sé sin), feictear é sna rialacha áiféiseacha a bhaineann le gach rud anseo. Sampla beag amháin: is rud iontach tábhachtach anseo é an cachet nó stampa oifigiúil a chuirtear ar gach foirm, gach doicméad, gach rud. Thugas cuairt ar scoil i mo cheantar mar chigire agus thug mé faoi deara carn mór téacsleabhair nua i mBéarla sa stóras agus ba léir nár leag páiste ar bith lámh orthu go dti seo. Nuair a d’fhiafraigh mé cén fáth, mhínigh siad nach raibh stampa curtha orthu fós le taispeáint gur leis an scoil iad agus, go dtí go ndéanfaí amhlaidh, ní fhéadfaí ligean do na páistí lámh a leagan orthu. Ní raibh stampa curtha orthu mar gur cuireadh bliain breise leis an scoil (an chéad bhliain meánscoile), rud a chiallaigh go gcaithfí ainm nó teideal na scoile a athrú (ó École Primaire go Groupe Scolaire nó cibé focal Béarla a roghnófaí). Ach ní fhéadfadh na húdaráis aontú céard ba chóir a thabhairt ar an scoil. Go dtí go dtiocfaidís ar chinneadh, ní fhéadfaí iarratas a chur isteach ar an airgead le stampa nua a fháil lena bhféádfaí stampa a chur ar na leabhair agus iad a úsáid sa seomra ranga. Dúirt an príomhoide go raibh súil aici a bheith in ann an fhoirm a líonadh isteach le cead a lorg an t-airgead a lorg chun an stampa nua a ordú i mí Lúnasa....

RUANDAIS FAOI MHÍCHUMAS
Níl Ruandais ar an teanga is éasca ar domhain le foghlaim. Ach is teanga an-spéisiúil í ag an am céanna. Mar shampla, athraíonn tús na bhfocal seachas an deireadh: umugabo fear, abagabo fir; umugore bean, abagore mná. Tosaíonn na focail ar fad do dhaoine le umu- : umutagitifu naomh, umubeshyi bréagadóir, umuntu duine agus mar sin de. Tá eisceacht amháin ann – ikiragi nó duine faoi mhíchumas, an focal céanna agus a úsáidtear d’úirlis bhriste.

CÚRSAÍ FAISIN
Má thug tú riamh seanéadaí nach raibh uait a thuilleadh do charthanacht ar bith, seans mhaith gur anseo nó áit éigin mar seo atá siad anois. Ceann de na caithimh aimsire is fearr linne anseo ná breathnú amach do na t-léinteacha áiféiseacha a fheiceann tú i ngach áit, go háirithe nuair is léir nach dtuigeann daoine céard atá scríofa air. An ceann is fearr a chonaic mé féin go dtí seo ná i Kigali Domhnach amhain. Fear a bhí ar a bhealach chuig nó abhaile ón séipéal a bhí ann agus ba léir go raibh mana mór scríofa ar an léine ach ní fhéadfainn a dhéanamh amach céard a bhí ann toisc an bíobla mór a bhí á iompar aige. Faoi dheireadh thiar thall bhog sé an bíobla agus chonaic mé an mana – SUCK MY D*CK! Meas tú cé aige nó aici a bheidh sé de dhánaíocht insint dó céard is brí leis........

SORRY SORRY
Rian amháin den Bhéarla atá ann cheana féin ná an nath ‘Sorry sorry’ (caithfear é a rá faoi dhó faoi mar b’fhocal amháin a bheadh ann). Nath é a chuireann mearbhall ar chuairteoirí anseo go dtí go dtéann siad i dtaithí air. Ní mar leithscéal a bhaintear úsáid as ach mar leagan cainte le comhbhrón a dhéanamh. Má ligeann tú do rud éigin titim nó má bhuaileann tú do chos in aghaidh cloiche nó má bhaineann corrmhíol alp asat, cloisfidh tú mar a bheadh cór timpeall ort agus ‘sorry sorry’ á chanadh acu. I mí Aibreáin thiteas isteach i bpoll sa dorchadas i Kigali agus b’éigean dom leas a bhaint as bata siúil go ceann tamall. Ar mo bhealach chuig an obair gach maidin chloisfeá na scórtha ag béiceadh ‘sorry sorry’ liom ó na páirceanna máguird, amhail is gur chomhcheilg mór a bhí eatarthu mé a mhealladh isteach sa bpoll ach go raibh aiféala orthu anois ...

No comments:

Post a Comment